Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

"Ba chóir olltoghchán a ghairm ar 29 Samhain" - Roderic O'Gorman

18 OCTOBER 2024, 15:42

Thug Roderic O'Gorman, ceannaire Chomhaontas Glas, le fios go bpléifeadh sé dáta an olltoghcháin leis an Taoiseach agus an Tánaiste Dé Luain seo chugainn, ach creideann sé go láidir, a deir sé, go bhfuil sé in am soiléiriú a thabhairt don phobal.
X Facebook

Tá sé ráite ag ceannaire Chomhaontas Glas, Roderic O'Gorman, go bhfuil seisean den tuairim gur chóir an t-olltoghchán a reachtáil ar 29 Samhain.

Thug sé le fios go bpléifeadh sé an dáta leis an Taoiseach agus leis an Tánaiste Dé Luain seo chugainn, ach creideann sé go láidir, a deir sé, go bhfuil sé in am soiléiriú a thabhairt don phobal.

Níos túisce, dúirt an tAire Airgeadais, Jack Chambers, go bhfuil sé ag súil go gcuirfear an Bille Airgeadais os comhair an Oireachtais arís ar 5 Samhain. Níl sé ag súil, a deir sé, go ndéanfar plé ar an mbille sa Dáil le linn na seachtaine amach romhainn.

Tá an tAire Airgeadais, Jack Chambers, ag súil go dtiocfaidh an Bille Airgeadais os comhair
an Oireachtais arís ar 5 Samhain

Cuirfear na hathruithe a fógraíodh sa bhuiséad ag tús na míosa seo i bhfeidhm tríd an mBille Airgeadais. Tá ceannairí na bpáirtithe comhrialtais meáite ar an mbille sin a inachtú sula ndéanfar an t-olltoghchán a ghairm.