Tá sé ráite ag Príomhaire Iosrael, Benjamin Netanyahu, go bhfuil "deireadh an chogaidh in Gaza ag druidim le hIosrael", i bhfianaise mharú cheannaire Hamas, Yahya Sinwar, inné.
"Tá Yahya Sinwar marbh", a dúirt Netanyahu. "Mharaigh saighdiúirí cróga Fhórsaí Iosrael in Rafah é inné.
"Ní féidir a rá go fóill gur deireadh an chogaidh atá ann", a thug sé le fios i ráiteas as Béarla, "ach is cinnte gur tús an deiridh atá ann."
Thug Iosrael le fios inné go raibh Yahya Sinwar ar dhuine de thriúr a maraíodh nuair a rinne saighdiúirí Iosraelacha ionsaí ar fhoirgneamh i gcathair Rafah i ndeisceart Gaza.
Deirtear gurbh é Yahya Sinwar, thar aon duine eile in Hamas, a d'eagraigh an mórionsaí a rinneadh ar dheisceart Iosrael anuraidh, inar maraíodh thart ar 1,200 duine.
Ceapadh é ina cheannaire ar Hamas i mí Lúnasa seo a chuaigh thart tar éis do na hIosraelaigh an ceannaire a bhí ann roimhe sin, Ismail Haniyeh, a fheallmharú san Iaráin.
Idir an dá linn, deir Hezbollah go bhfuil tús curtha acu le "céim nua" ina gcogadh i gcoinne Iosrael, ag scaoileadh diúracán beacht-dírithe le fórsaí Iosrael den chéad uair.
Tá fórsaí Iosrael ag ionsaí Dheisceart agus Oirthear na Liobáine go tréamanta ó bhí 23 Meán Fómhair ann. Tá na céilí comhairc tar éis a bheith ag déanamh ionsaithe neasraoin ar a chéile i sráidbhailte gar do theorainn na Liobáine ó chuir fórsaí Iosrael tús lena ruathar talún an mhí seo caite.