Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Conradh Eiseachadta le socrú ag McEntee le hAÉA

18 OCTOBER 2024, 09:56

Tá súil go síneoidh an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, conradh eiseachadta lena comh-aire Eimíríteach in Abú Daibí an tseachtain seo chugainn.
X Facebook

Tá an rialtas le conradh eiseachadta a aontú le hAontas na nÉimíríochtaí Arabacha, agus súil acu baill shinsearacha de Bhuíon Choirpeach Kinahan a thabhairt ar ais chun na hÉireann le hiad a chur ar a dtriail anseo.

Tá ceannairí na buíne trasnáisiúnta - a bhíonn ag plé le mangaireacht drugaí - lonnaithe in Dubai. Tá duine amháin acu - Seán McGovern – faoi choimeád in Dubai faoi láthair agus na húdaráis in Éirinn ag súil le hé a eiseachadadh ar ais chun na tíre seo, áit a gcuirfear ar a thriail é maidir le cúis dúnmharaithe.

Tá súil go síneoidh an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, an conradh lena comh-aire Eimíríteach in Abú Daibí an tseachtain seo chugainn.

Tá Seán McGovern faoi choimeád in Dubai faoi láthair agus na húdaráis in Éirinn ag súil le hé a eiseachadadh ar ais chun na tíre seo, áit a gcuirfear ar a thriail é maidir le cúis dúnmharaithe.

Measadh i gcónaí gur tearmann é Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha do mhangairí drugaí idirnáisiúnta mar níl conarthaí eiseachadta déanta acu ach amháin le líon teoranta tíortha.

Theith ceannairí Bhuíon Kinahan ansin ón Spáinn sa bhliain 2016 chun eiseachadh chun na hÉireann a sheachaint, i ndiaidh do na poilíní sa Spáinn agus na Gardaí in Éirinn tús a chur le comhoibriú ar an bhfiosrúchán a bhain leis an tsraith dúnmharaithe a bhí mar chuid den achrann idir Buíon Kinahan agus Buíon Hutch.