Táthar le vóta a chaitheamh i nDáil Éireann an tseachtain seo chugainn ar mholadh ó Shinn Féin i dtaobh cathaoirleach nua a cheapadh ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí.
Tá an Teachta Dála Mairéad Farrell á moladh ag Sinn Féin le teacht in áit Brian Stanley a d'éirigh as Sinn Féin an deireadh seachtaine seo caite ach atá ina chathaoirleach ar an gcoiste sin i gcónaí, go foirimiúil ar aon nós.
Ní bheidh aon díospóireacht sa Dáil faoi mholadh Shinn Féin, ní bheidh ann ach vóta.
Is é Coiste Roghnóireachta na Dála a rinne an cinneadh inniu an vóta a chaitheamh.
De réir na rialacha, áfach, tá sé de cheart ag Sinn Féin cathaoirleach nua a cheapadh ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí ós é an páirtí freasúra is mó é.
Dúirt príomhaoire Shinn Féin Pádraig Mac Lochlainn nár tugadh dúshlán an chirt sin riamh i stair an Stáit agus nár pléadh an cheist in aon chruinniú den Choiste Roghnóireachta riamh cheana.
Tá sé á mholadh freisin ag Sinn Féin go nglacfadh an Teachta Matt Carthy áit Brian Stanley ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí.
Tháinig an coiste sin le chéile inniu den chéad uair ó d'éirigh Brian Stanley as Sinn Féin.
Ni raibh an Stainléigheach féin i láthair agus ba í an leaschathaoirleach, Catherine Murphy ó na Daonlathaithe Sóisialta, a bhí i bhfeighil an chruinnithe.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ