Tá ceannaire Hamas Yahya Sinwar maraithe ag fórsaí Iosrael in Gaza.
Deir Rialtas Iosrael go raibh Yahya Sinwar ar dhuine de thriúr a maraíodh nuair a rinne saighdiúirí Iosraelacha ionsaí ar fhoirgneamh i gcathair Rafah i ndeisceart Gaza.
Deirtear gurb é Yahya Sinwar thar aon duine eile in Hamas a bheartaigh an mórionsaí a dhéanamh ar dheisceart Iosrael anuraidh inar maraíodh thart ar 1,200 duine.
Ceapadh é ina cheannaire ar Hamas i mí Lúnasa seo a chuaigh thart tar éis do na hIosraelaigh an ceannaire a bhí ann roimhe sin, Ismail Haniyeh, a fheallmharú san Iaráin.
Tuairiscitear freisin gur maraíodh 22 duine agus gur gortaíodh na dosaein nuair a rinne aerfhórsa Iosrael ionsaí buamála ar scoil in Jabalia i dtuaisceart Gaza.
Maíonn na hIosraelaigh gur bunáit chruinnithe de chuid Hamas agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne a bhí sa scoil.
Léiríonn íomhánna ón láthair go ndeachaigh an áit trí thine mar gheall ar an mbuamáil.
Tá Jabalia á ionsaí gan taise ag na hIosraelaigh go rialta le bliain agus tuairiscítear nach bhfuil dóthain uisce ann leis an tine a mhúchadh.
Deir na Náisiúin Aontaithe go bhfuil na mílte Palaistíneach sáinnithe in Jabalia, a bhformhór acu gan riar a gcáis.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ