Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Triúr os comhair cúirte faoi chailín óg a mharú i dTír Eoghain

17 OCTOBER 2024, 15:54

Tavia Michella Ximenes Da Costa
X Facebook

Tugadh triúr os comhair cúirte ar nasc físe sa Srath Bán i gCo Thír Eoghain tráthnóna inniu agus cúiseanna éagsúla maidir le cailín óg a mharú curtha ina leith.

Tá máthair agus aintín an linbh ar bheirt den triúr agus is é leannán na máthar an tríú duine.

Fuarthas corp Tavia Michella Ximenes Da Costa i dteach i nDún Geanainn Dé Domhnaigh seo caite. Bhí sí beagnach dhá bhliain d'aois.

Leannán na máthar – Januaria Ximenes, 29 bliain d'aois – tá seisean cúisithe sa chailín óg a dhúnmharú agus i ndrochíde a thabhairt do leanbh.

Trí chion atá curtha leith na máthar, Suzi Augusta Da Costa, atá 21 bliain. Sin iad dúnorgain, gníomh neamhdhleathach a dhéanamh arbh é bás linbh a thoradh agus drochíde a thabhairt do leanbh.

Mar leis an aintín – Suzana Da Costa Ximenes, 24 bliain – tá sise cúisithe i ngníomh neamhdhleathach a dhéanamh arbh é bás linbh a thoradh agus i ndrochíde a thabhairt do leanbh.

Is de bhunadh Thíomór Thoir an triúr agus cuireadh ateangaire Teitimise ar fáil dóibh sa chúirt inniu.

Dúradh sa chúirt go raibh ballbhrúnna ar aghaidh agus ar chloigeann Tavia nuair a fuarthas a corp.

Bhí marcanna eile ar cheann dá sciatháin, bhí ceann dá cluasa scallta agus ba léir gur croitheadh í, a dúradh.

Gortú inchinne de bharr buillí a tugadh di ba thrúig bháis di, de réir an phaiteolaí a rinne an scrúdú iarbháis ar a corp.

Diúltaíodh an t-iarratas ar bhannaí a rinne an triúr agus ordaíodh iad a thabhairt os comhair cúirte arís ar an 13 Samhain.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ