Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Gardaí den bharúil gur dúnmharaíodh buachaill óg atá ar iarraidh

16 OCTOBER 2024, 17:42

Kyran Durnin nuair a bhí sé thart ar shé bliana d'aois
X Facebook

Tá sé ráite ag na Gardaí go gcreideann siad go mb'fhéidir gur dúnmharaíodh buachaill óg as Co Lú dhá bhliain ó shin cé nach raibh a fhios acu go dtí le gairid go raibh sé ar iarraidh.

Deir na Gardaí gur tugadh le fios dóibh ar an 30 Lúnasa i mbliana go bhfacthas Kyran Durnin go deireanach i nDroichead Átha dhá lá roimhe sin.

Tar éis go bhfuil siad á thóraíocht gan stad ó shin níl tásc ná tuairisc air, a deir siad.

Deir siad go bhfuil siad den bharúil anois gur chomh fada siar le dhá bhliain ó shin a chonacthas Kyran go deireanach i ndáiríre.

Bhí Kyran thart ar shé bliana d'aois dhá bhliain ó shin.

Tá fiosrúchán dúnmharaithe curtha ar bun ag na Gardaí i nDroichead Átha agus tá siad ag achainí ar aon duine a mbeadh aon eolas ábhartha acu teacht chun cainte leo.

Deir na Gardaí go bhfuil an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, Tusla, ag cuidiú leo san fhiosrúchán.

Níl aon duine gafa acu fós.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ