Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Ráiteas Mary Lou McDonald sa Dáil cáinte ag Brian Stanley

16 OCTOBER 2024, 09:43

Brian Stanley míshásta leis an ráiteas a rinne Mary Lou McDonald sa Dáil inné
X Facebook

Dúirt an Teachta Dála Brian Stanley gur bhain ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald mí-úsáid as pribhléid Dháil Éireann inné agus í ag labhairt ann ar líomhain a rinneadh ina aghaidh.

D'éirigh Brian Stanley as Sinn Féin Dé Sathairn seo caite mar gheall ar an gcaoi ar thug an páirtí faoin bhfiosrúchán i leith na líomhna úd, mar a dúirt sé féin.

Dar leis gur chosúil le "cúirt bhradach" an próiseas fiosrúcháin.

Sa Dáil inné, mhaígh Mary Lou McDonald go raibh an gearán a rinneadh in aghaidh Brian Stanley "an-tromchúiseach" agus dúirt go raibh an té a rinne an gearán "suaite go mór agus trína chéile" dá bhíthin.

Mhaígh Brian Stanley, áfach, gur iarracht a bhí i ráiteas Mary Lou McDonald an aird a bhaint de na heasnaimh atá i nósanna imeachta Shinn Féin agus dúirt gur léirigh a raibh ráite aici go raibh Tadhg an dá thaobhachas i réim sa pháirtí.

Thug sé le fios freisin nach raibh aon ghlacadh aige leis an ngearán a rinneadh ina aghaidh.

Mar le conspóid eile, dúirt urlabhraí airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty gur áibhéil a bheadh ann a rá gur thug Mary Lou McDonald teistiméireacht ardmholtach don iarSheanadóir as Béal Feirste, Niall Ó Donnghaile, nuair a d'éirigh seisean as Sinn Féin anuraidh.

Niall Ó Donnghaile

Dhearbhaigh Mary Lou McDonald sa Dáil inné gur éirigh Niall Ó Donnghaile as an bpáirtí tar éis dó teachtaireachtaí téacs míchuí a sheoladh chuig beirt, siúd is nach ndúradh ag an am ach gur ar chomhairle dochtúra a bhí sé éirithe as.

Mhaígh Mary Lou McDonald nár nochtadh an scéal iomlán ag an am de bharr imní faoi mheabhairshláinte an iarSheanadóra.

Dar le Pearse Doherty cé nár tugadh an t-eolas ar fad don phobal ná don Oireachtas ag an am gur ghníomhaigh Sinn Féin mar ba chóir agus dúirt go raibh a phost caillte ag Niall Ó Donnghaile sa Seanad agus sa pháirtí dá thoradh sin.

Ina cheann sin, arsa sé, chuir Sinn Féin an cás faoi bhráid na bpóilíní agus na seirbhísi sóisialta sa Tuaisceart ag an am.

Tá Sinn Féin cáinte go láidir ag páirtithe eile, áfach, faoin gcaoi a ndeachaigh an páirtí i ngleic leis an dá chonspóid is deireanaí agus le conspóidí eile faoi chosaint leanaí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ