Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Ginearál a bhí ar dualgas Domhnach na Fola tar éis bháis

16 OCTOBER 2024, 17:28

An Ginearál Mike Jackson
X Facebook

Deir gaolta na ndaoine a maraíodh Domhnach na Fola i nDoire i 1972 nach gcaoinfidh siad an Ginearál Mike Jackson, iaroifigeach i reisimint pharaisiút Arm na Breataine a fuair bás inné in aois a cheithre scór.

Bhí Mike Jackson ar dualgas i nDoire nuair a lámhach agus a mharaigh saighdiúirí ón reisimint sin trí dhuine dhéag, ar ógánáigh a bhformhór.

Lámhachadh agus gortaíodh na scórtha eile an lá sin chomh maith agus fuair duine acu bás cúpla mí ina dhiaidh sin.

Captaen sa reisimint pharaisiút ab ea Mike Jackson ag an am.

Labhair sé leis na paratrúipéirí a rinne an marú tar éis dóibh a ngunnaí a chur i leataobh agus mhaígh sé go raibh na saighdiúirí ag scaoileadh ar ais le baill den IRA a bhí ag scaoileadh leosan, scéal nach raibh fírinne dá laghad ann.

Chinn Binse Fiosrúcháin Saviile in 2010 go raibh bréaga inste ag na saighdiúirí agus nach raibh aon duine de na mairbh armtha nuair a lámhachadh iad, mar ba léir don saol riamh.

Bhí Paddy Doherty i measc na marbh agus dúirt a mhac Tony inniu go gcreideann na gaolta gur chóir Mike Jackson a bheith tugtha os comhair cúirte faoin uafás.

Ag caoineadh na marbh i ndiaidh Dhomnach na Fola

Bhí Mike Jackson i láthair sléachta eile sa Tuaisceart sé mhí roimh Dhomhnach na Fola.

Lámhach agus mharaigh saighdiúirí ón reisimint pharaisiút deichniúr i mBaile Uí Mhurchú in iarthar Bhéal Feirste idir 9-11 Lúnasa 1971, máthair ochtair agus sagart ina measc. Gortaíodh na dosaein eile.

Fearacht Bhinse Saville, chinn cróinéir in 2020 go raibh an deichniúr "iomlán neamhchiontach", mar ba léir do chách ón tús.

San fhianaise a thug sé ag an gcoiste cróinéara, dúirt Mike Jackson go mb'fheidir gur thug sé le fios do nuachtóirí sna laethanta i ndiaidh an áir go raibh baill den IRA i measc na ndaoine a bhí lámhachta ag na saighdiúirí.

Ardú céime i ndiaidh ardú céime a fuair Mike Jackson ó Dhomhnach na Fola i leith agus bhain sé buaic amach nuair a ceapadh é ina cheann foirne ar Arm na Breataine in 2003.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ