Thug na húdaráis sa Liobáin le fios go ndearna aerfhórsa Iosrael aon ionsaí dhéag ar bhaile Nabatiyeh agus ar an gceantar máguaird i ndeisceart na tíre agus dúirt go raibh an baile ina chaor thine dá mbarr.
Tuairiscítear gur maraíodh seisear ar a laghad sna hionsaithe is deireanaí, méara Nabatiyeh ina measc.
Scriosadh príomh-margadh Nabatiyeh in ionsaí a rinne na hIosraelaigh ar an áit roinnt laethanta ó shin.
Bhuamáil na hIosraelaigh freisin dhá chomharsanacht i bpríomhchathair na Liobáine, Béiriút.
Deir na hIosraelaigh gur dírithe ar armlann de chuid Hezbollah a bhí an ruathar sin.
Tá ceantair i ndeisceart Bheiriút á mbuamáil go tréamanta ag aerfhórsa Iosrael le roinnt seachtainí.
Is iondúil nach dtugann na hIosraelaigh aon fhógra do chónaitheorí sula scaoileann siad a gcuid diúracán leo, áfach – é sin nó tugann siad fógra do dhaoine i gceantar amháin ach ionsaíonn siad ceantair eile ag an am céanna chomh maith.
Tá fógraí imeachta á n-eisiúint go rialta ag fórsaí míleata Iosrael i ndeisceart na Liobáine ó rinne siad ionradh talún ar an tír i dtús na míosa seo.
Go deimhin, meastar thart ar 1.2 milliún duine a bheith curtha as a mbailte ó shin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ