Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

An Nollaig á cheiliúradh ar TG4

Beannachtaí na Nollag ó TG4

15.12.21


Seán Ó Riada – Mo Sheanathair

Beidh cláir faisnéise nua, cláir cheoil agus scannáin ina gcnámh droma i sceideal na Nollag i mbliana ar TG4. Craolfar clár faisnéise nua faoin aisteoir Peter O’Toole a raibh dlúthcheangal aige le Conamara Lá Nollag sa chlár Peter O’Toole Réalta & Rógaire. Cuirfidh Doireann Ní Ghlacáin clár faisnéise i láthair agus í ar a dícheall tuilleadh a fháil amach faoina seanathair agus laoch ceoil Seán Ó Riada, caoga bliain tar éis a bháis i Seán Ó Riada – Mo Sheanathair ar Lá Fhéile Stiofáin.

Beidh cuimhne agus ceiliúradh ar laochra spóirt agus laochra ceoil atá imithe romhainn an Nollaig seo, sa chlár Éamonn Ryan – An Máistir faoi bhainisteoir fhoireann peile ban Chorcaí Éamonn Ryan ar an 30 Nollaig, agus beidh ceiliúradh ar shaol agus ar cheol an bhoscadóra Joe Burke as Oirthear na Gaillimhe a cailleadh i bhFeabhra na bliana seo sa chlár Joe Burke – Ceiliúradh a chraolfar Lá Nollag.

Cuirfimid aithne níos fearr ar na deartháireacha Pádraig, Jimmy agus Seáinín nó ‘Na Jimmy’s’ a choinníonn an húicéar An Mhaighdean Mhara faoi lán seoil i gclár nua Bádóirí – Na Jimmy’s ar an 28 Nollaig. Déanfar ceiliúradh ar an 60 bliain atá caite ag Philomena Begley i mbun ceoil sa chlár Opry – Philomena @ 60 ar an 28 Nollaig freisin.

Ar Oíche Chinn Bliana, cuirfidh Dáithí Ó Sé agus Orla Ní Fhinneadha fáilte roimh an mbliain nua ó Ráth Chairn ar Fáilte 2022.
 

Faisnéis Nua:

Peter O’Toole – Réalta & Rógaire, Lá Nollag @ 21:25

Bhí aithne i bhfad agus i ngearr ar an aisteoir Éireannach Peter O’Toole, nó Lawrence of Arabia mar ab fhearr aithne air. Caithfear súil siar sa chlár faisnéise seo ar an saol a chaith Peter ina aisteoir agus a shaol sa bhaile, trí shúile a chairde, a chlainne agus a lucht leanúna. I measc na rannpháirtithe beidh a iníon Kate chomh maith le Brian Blessed, Twiggy agus Mary Coughlan.
 

Seán Ó Riada – Mo Sheanathair, Lá Fhéile Stiofáin @ 21:20

Leathchéad bliain i ndiaidh bhás Sheáin Uí Riada i nDeireadh Fómhair na bliana 1971, tá sé socraithe ag a ghariníon, an ceoltóir agus an craoltóir, Doireann Ní Ghlacáin, tuilleadh a fháil amach faoin bpearsa aitheanta seo a dheighleann daoine. De réir mar a bheidh sí ag fiosrú a cuid oidhreachta, trí shaol agus ré a seanathar a leagan amach, tabharfar saol Uí Riada chun fíre trí aitheantas tochtmhar a thabhairt d’fhathach seo shaol cultúir na hÉireann. Le ceol agus agallaimh le hIarla Ó Lionáird, Barry Douglas, Nell Ní Chróinín, Cór Chúil Aodha & Peadar Ó Riada, Seán Ó Sé & muintir Uí Riada.
 

Bádoirí – Na Jimmy’s, 28 Nollaig @ 20:15

Tá seanmhianach na mbádóirí i gclann Johnny Jimmy Pheaitín, agus briseann an dúchas sin trí na deartháireacha Pádraig, Jimmy agus Seáinín a choinníonn an húicéar An Mhaighdean Mhara faoi lán seoil. Cé go bhfuil an chuid is mó de shéasúr na bliana seo caite ag an Mhaighdean Mhara ar ancaire tá na deartháireacha coinnithe ag imeacht sa gcladach agus iad ag cur barr slachta uirthi. Tabharfar léargas freisin ar na báid atá idir lámha ag daoine muinteartha leo.
 

Éamonn Ryan: An Máistir, 30 Nollaig @ 21:20

Is ina bhainisteoir ar fhoireann Peile Ban Chorcaí a bhuaigh Craobh na hÉireann deich n-uaire is fearr aithne ar Éamonn Ryan, nach maireann. D’imir sé le Corcaigh i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann sna seascaidí, ach is ina bhainisteoir is fearr a léiríodh a chuid buanna. D’éirigh leis foirne a bhí i lúb an angair a athrú ó bhonn. Bhuaigh gach foireann a tháinig faoina lámh craobhacha. Spreag sé gach duine faoina chúram ach bhí sé umhal faoina chuid éachtaí féin. Léirítear sa chlár seo an tábhacht a bhíonn le hoiliúnóir agus le múinteoir, den chéad scoth.
 
 

Faisnéis Eile:

Turas i mBaol 22 Nollaig @ 21:30

An tSibéir: An Bealach ó Thuaidh: An chéad chlár as péire a léiríonn an turas traidisiúnta is mó ar domhan a dhéantar go fóill. Taistealóidh Dermot Somers ar fud thuaisceart na Sibéire in éineacht le teaghlach fáin i gcarr sleamhnáin, atá á tarraingt ag fianna rua. Foghlaimeoidh sé faoin stair a bhaineann leo agus faoi na traidisiúin atá siad ag iarraidh a choinneáil beo.
 

Turas i mBaol 23 Nollaig @ 21:30

An tSibéir: An Bealach ó Thuaidh: Sraith a léiríonn turais mhóra an chine daonna i gcodanna éagsúla den domhan. Tá 5,000 bliain caite ag na Ninets, a bhfuil cónaí orthu sa tSibéir, ag taisteal ó fhoraois Taiga go dtí leithinis an Yamal.
 

Hey Day – The Mic Christopher Story, 29 Nollaig @ 22:15

(2019, Alan Leonard) Scéal an amhránaí aitheanta Mic Christopher ón am a mbíodh sé ag buscáil ar shráideanna Bhaile Átha Cliath go dtí an clú ollmhór a thuill sé dó féin. Déanfar cur síos freisin ar an timpiste a bheag nár mharaigh é suas go dtí an bhliain dheiridh dá shaoil agus an clú agus caill a thuill sé do go leor ceoltóirí Éireannacha. I measc na rannpháirtithe ar an gclár beidh Glen Hansard, Sharon Horgan, Mike Scott, Bronagh Gallagher, Josh Ritter, Lisa Hannigan, Rónán Ó Snodaigh agus neart eile. Scéal corraitheach spreagúil faoi cheol agus cairdeas.
 
 

Ceol:

Joe Burke – Ceiliúradh, Lá Nollag @ 22:20

Oíche speisialta ceiliúrtha le clann agus cairde Joe Burke, duine de fhathaigh an bhosca ceoil a bhásaigh le déanaí. Déanaimid ceiliúradh ar fhear a d’ardaigh croíthe lena ghreann agus lena scéalta agus a chuaigh i bhfeidhm ar ghlúnta de cheoltóirí ar fud na cruinne. I measc na rannpháirtithe ar an gclár beidh Ann Conroy Burke, Mary Conroy, Frankie Gavin, Brian McGrath, Eileen O’Brien, Máire Ní Chathasaigh, Liz & Yvonne Keane, Jackie Daly, Dermot Byrne, Máire Ní Chathasaigh agus Conchubhar Ó Luasa.
 

The Saw Doctors -Sing a Powerful Song Lá Fhéile Stiofáin @ 19:40

Tabharfar léargas sa gclár faisnéise seo ar The Saw Doctors a bhí i mbarr réime sa mbliain 1991 i ndiaidh dá gcuid amhrán, ‘N17’ agus ‘I Useta Lover’, a bheith ag barr na gcairteacha in Éirinn ar feadh naoi seachtaine. Nuair a d’eisigh fir na Gaillimhe a gcéad albam, ‘If This Is Rock And Roll, I Want My Old Job Back’, i mí na Bealtaine 1991 chuaigh sé díreach go barr na gcairteacha agus bhí sé ar an albam ba mhó díola i mí Lúnasa na bliana céanna freisin.
 

Róisín Reimagined, 27 Nollaig @ 20:15

Coirmcheoil spleodrach den togra nua “Róisín ReImagined” leis an amhránaí Muireann Nic Amhlaoibh agus Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann, mar aon leis na haoicheoltóirí Dónal O’Connor, Mick O’Brien, Aisling Ennis, Cormac McCarthy agus Caitríona Frost. Is in Ardeaglais Chainnigh a taifeadadh an seó le linn Fhéile Ealaíne Chill Chainnigh i mbliana. Is comhoibriú corraitheach é seo ar sheoid an tSean-Nóis, mór-amhráin na hÉireann, curtha in eagar don cheolfhoireann ag seisear cumadóirí Éireannacha; Cormac McCarthy, Paul Campbell, Linda Buckley, Sam Perkin, Niamh Varian-Barry, agus Michael Keeney.
 

Opry – Philomena @ 60, 28 Nollaig @ 21:20

Philomena Begley: An ceiliúradh mór! Tá 60 bliain caite ag Philomena Begley i mbun ceoil. Cuirfidh Daniel O’Donnell fáilte roimh Philomena chomh maith lena cairde Mick Flavin, Sandy Kelly, Mike Denver agus go leor eile. Cóisir agus ceiliúradh den scoth a bheidh ann.
 

Gradam Ceoil TG4, Oíche Chinn Bliana @ 19:40

An 24ú Gradam Ceoil beo ó Halla Whitla, in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Beidh Niall Hanna, Amhránaí TG4 2021 ar stáitse le Rachel McGarrity, Ciarán Hanna agus Enda Rafferty ina chuideachta. Ar stáitse chomh maith beidh Sorcha Costello, Ceoltóir Óg na Bliana agus ina cuideachta beidh Jakob Vester, Pádraig Costello, Andrew agus Mary MacNamara. Beidh Scoil Ceoil Thraidisiúnta Ghleann Ghormlaithe, a bhfuil an Gradam Comaoine le bronnadh orthu, i mbun ceoil freisin faoi stiúir Conor Caldwell. Déanfar ceiliúradh ar Sheán Ó Sé, buaiteoir an Ghradaim Saoil, agus ar Steve Cooney, Cumadóir na Bliana, agus bronnfar gradam mór na hoíche, Gradam Ceoil TG4 2021 ar Angelina Carberry.
 

We Banjo Three – Live in Dublin, Oíche Chinn Bliana @ 22:30

Ceolchoirm le We Bango 3 beo as drioglann Pearse Lyons i gcroílár na Saoirsí. Tá clú agus cáil ar an gceathrar ar fud na cruinne agus tá an príomhspota bainte amach acu sna cairteacha go minic chomh maith leis an ngradam don albam is fearr a bheith buaite acu ag na RTÉ folk awards.
 

Fáilte 2022, Oíche Chinn Bliana @ 23:30

Cuirfidh Dáithí Ó Sé agus Orla Ní Fhinneadha tús spleodrach leis an mbliain nua le féasta speisialta ceoil. Beidh scoth an cheoil chomh maith le scoth na n-amhránaithe agus na ndamhsóirí againn daoibh ón Rusty Mackerel i nDún na nGall, Tigh Matt Molloy i gCathair na Mart agus ó Ghaeltacht Ráth Chairn na Mí. I measc na rannpháirtithe ar an gclár beidh Matt agus Peter Molloy, Cathy Jordan, Jiggy, The Bonny Men, Maighréad & Tríona Ní Dhomhnaill, Jimmy agus Peter Campbell, Tara Conaghan, Clare Friel, Dermot Byrne agus Bríd Harper, An Chéad Ghlúin Eile, Dan Delaney, Blás agus go leor eile.
 
 

Spórt Beo:

Rugbaí Beo Lá Fhéile Stiofáin

16:50: Ulaidh v Connachta: Craoladh beo ar Chúige Uladh in éadan Chúige Chonnacht san ochtú babhta den Chraobh Rugbaí Aontaithe ó Staid Kingspan.
 

Rugbaí Beo Lá Caille

16:45: Cúige Chonnacht v Cúige Mumhan: Craoladh beo ar Chúige Chonnacht in éadan Chúige Mumhan sa naoú babhta den Chraobh Rugbaí Aontaithe ón Sportsground.

19:30: Cúige Uladh v Cúige Laighean: Craoladh beo ar Chúige Uladh in éadan Chúige Laighean sa naoú babhta den Chraobh Rugbaí Aontaithe ó Staid Kingspan.
 

Teagmháil do na Meáin:

Deirdre Ní Choistin | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: