Skip to main content
< back to TG4.ie

Press

Láithreoirí Óga á Lorg

Dianchúrsa Traenála á Thairiscint ag Cúla4

25.10.24

 

An cainteoir líofa Gaeilge tú a bhfuil féith na cruthaitheachta agus na scéalaíochta go smior ionat?

An dtaitneodh leat a bheith ar an gcéad réalta mór eile ar an teilifís don lucht féachana óg?

 
 

Tá Cúla4, i gcomhpháirt le Gréasán na Meán, ag seoladh dianchúrsa traenála do chainteoirí líofa Gaeilge atá os cionn 18 mbliana d’aois ar mian leo a bheith ina láithreoirí teilifíse.
 
Dianchúrsa saor in aisce atá anseo agus beidh sé á reáchtáil in 2025. Tabharfar deis do láithreoirí nua na scileanna cuí a theastaíonn uathu a foghlaim le dul os comhair ceamara le linn an dianchúrsa seo. Beidh siad ag foghlaim ó na gairmithe is fearr sa tionscal, ag forbairt a gcuid scileanna láithreachta don scáileán agus ag foghlaim na sárscileanna a theastaíonn chun aird an lucht féachana óig a mhealladh.
 
Karina Feirtéar, Bainisteoir Chainéal Cúla4, “Tá ríméad orainn go bhfuil an dianchúrsa seo á chur ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh i dtionscal na teilifíse agus go mór mhór daoine a bhfuil spéis acu oibriú sa réimse do dhaoine óga. Leis an traenáil seo, beidh rannpháirtithe ábalta, ní hamháin a gcuid scileanna láithreachta don scáileán a fheabhsú, ach oiliúint phraiticiúil a fháil i gcláracha teilifíse a léiriú do leanaí. In airde air sin, tabharfar comhairle do na rannpháirtithe ar conas fostaíocht a fháil i dtionscal na teilifíse agus sna meáin.”
 
Ní mó do na hIarrthóirí:

  1. A bheith os cionn 18 mbliana d’aois.
  2. A bheith ina gcainteoirí líofa Gaeilge.
  3. An-spéis a bheith acu sna meáin agus sa chumarsáid, go mór mór in ábhar a chruthú do dhaoine óga.
  4. A bheith díograiseach agus spreagtha, agus sásta iad féin a thiomnú do chlár oiliúna dian, a bhogann ar aghaidh go tapa.

 

An chaoi le hiarratas a dhéanamh:

Ní gá ach físeán gairid a thaifeadadh díot féin ag míniú an fáth ar mhaith leat a bheith i do láithreoir teilifíse agus freastal ar an dianchúrsa seo. Seol an físeán chuig cursa@tg4.ie roimh an 13 Samhain 2024.
 
Tá deiseanna fostaíochta ag dul i méid sna meáin Ghaeilge agus tabharfaidh an cúrsa saor in aisce seo deis do rannpháirtithe, ní hamháin scileanna nua a fhoghlaim, ach breathnú i dtreo post a aimsiú mar láithreoir.
 
Ná caill an deis seo agus scaip an scéal i measc do chairde.
 

 

 

Teagmháil do na meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: