Skip to main content
< back to TG4.ie

Press

Thug clár eile a choimisiúnaigh TG4 mórdhuais leis inniu ag Féile na Meán Ceilteach 2015 in Albain.  Bronnadh an Torc don Ghearrdráma is Fearr ar an saothar Sínte.

Gearrdráma TG4 buacach ag Féile na Meán Cheilteach 2015

23.04.15

Léiríodh an gearrdhráma seo faoin scéim Scéal, togra nuálach a bhunaigh TG4 i bpáirt leis an Údarás Craolacháin agus Gréasán na Meán le tallann nua scripte agus stiúrthóireachta a spreagadh i réimse na drámaíochta Gaeilge don teilifís.   Ciarán Ó Cofaigh a léirigh an saothar do ROSG Teoranta, bunaithe ar script le Féidhlim Cannon agus Tom Ó Súilleabháin (a stiúraigh freisin).  Baineann an scéal le timpiste bhóthair a bhaineann do Sheán Mac Donncha agus don bhean atá geallta leis, cor a imríonn tionchar cinniúnach ar a saol. Ar an gcliar aisteoirí  atá páirteach, tá Ann-Marie Horan, Dónal Ó Héalaí, Conal Ó Cinnéide agus Lúc Ó Riada.

Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha sna duais-rannóga éagsúla faoi mheasúnú ó ghiúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús.  Roghnaítear an scoth astu sin le dul san iomaíocht sa gcomórtas idirnáisiúnta. Tá Féile na bliana seo ar bun in Inbhear Nis na hAlban faoi láthair, 22-24 Aibreán. (www.celticmediafestival.co.uk)

Deir Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, Proinsias Ní Ghráinne go gcruthaíonn an duais idirnáisiúnta seo fiúntas agus ardchaighdeán na scéime.  “Theastaigh uainn deis a thabhairt do dhaoine a gcumas a léiriú i gceann de na réimsí is deacra ar fad  – drámaíocht – agus ba léir dúinn ón tús go mbeadh dea-thoradh ar an scéim.  Is deimhniú breise ar an dóchas sin an duais iontach seo” a dúirt sí.

More information:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Get to know us: