Laochra Gael
More on TG4
Ó Bhéal
NEW - Tuesday 2 January @ 21:15
Recently, Irish hip-hop and electronic musicians have been drawing on the deep well of folklore, poetry and Sean-nós singing, breaking new musical ground in the process. Through the eyes of four musicians – Mory, Oisín Mac, Fehdah and Strange Boy, we get a sharp insight into the way that they are pushing new boundaries and making Irish new music.
Léargas ó cheathrar ceoltóirí – Mory, Oisín Mac, Fehdah agus StrangeBoy ar mar atá siad ag tarraingt ar an traidisiún béil chun ceol úrnua hip-hop agus leictreonach a cheapadh. Ón tseanfhilíocht agus ón amhránaíocht ar an sean-nós, tá siad ag briseadh talamh nua i réimse an cheoil le tamall beag anuas agus ag cruthú ceol úrnua do na Gaeil.
Inis na nIontas
NEW - Begins Wednesday 10 January @ 21:30
From Rathlin in the north to Cape Clear in the south, the islands off the coast of Ireland have long been a source of inspiration and of myth. But they’re home to a rich diversity of wildlife too – and a wide range of people. In this series, Ardal O’Hanlon takes us on a fascinating journey, unearthing the history, observing the wildlife and meeting the islanders trying to live in harmony with their extraordinary environment.
Ó Reachlainn ó thuaidh go Cléire ó dheas, tá stair agus miotaseolaíocht ag baint leis na hoileáin amach ó chósta na hÉireann. Ach tá fiadhúlra agus pobal ar leith daoine ag baint leis na hoileáin chéanna. Tabharfaidh Ardal O’Hanlon faoi thuras chun stair, fiadhúlra agus lucht na n-oileán seo a fhiosrú.
Planda go Pláta
NEW - Begins Thursday 18 January @ 20:00
In this series chef Niall Ó Conchúir and home cook Rebecca Uí Chonaola will prepare plant-based dishes created by Vegan chef Tony Keogh, based on organic and seasonal produce. It will be different to most cookery programmes in that Rebecca and Niall will not be using any animal products whatsoever when preparing these delicious dishes.
Sraith ina n-ullmhóidh an chef Niall Ó Conchúir agus an cócaire Rebecca Uí Chonaola miasa plandabhunaithe de chuid an chef veigeáin Tony Keogh, le hábhar orgánach agus atá i séasúr. Ní hionann an tsraith agus sraitheanna cócaireachta eile mar nach mbainfidh Rebecca ná Niall úsáid as táirgí ainmhithe de chineál ar bith nuair a bheifear ag réiteach na miasa blasta.
Geantraí
NEW - Begins Sunday 7 January @ 22:30
We begin an exciting new series of Geantraí, an Irish traditional music programme which sees the presenter, Ciarán Ó Gealbháin, visit traditional music sessions across the length and breadth of the country. We will hear the very best of music from world-acclaimed musicians, exciting new emerging musicians and the musicians that keep the music alive in the local regions.
Seo chugaibh sraith nua de Geantraí, an clár ceoil thraidisiúnta, ina dtugann an láithreoir Ciarán Ó Gealbháin cuairt ar thithe ceoil ar fud na tíre. Déanaimid ceiliúradh ar cheoltóirí aitheanta, ar cheoltóirí atá ag teacht chun cinn agus ar na ceoltóirí agus na tithe ceoil a choimeádann an traidisiún ceoil sna dúichí éagsúla beo.
Ceolaireacht
NEW - Begins Sunday 21 January @ 21:45
Doireann Ní Ghlacáin is off again with her fiddle on her back, to find out what is happening at the heart of the traditional Irish music scene in four different areas around Ireland and England. We’ve been told for years that west Clare, Sliabh Luachra and Donegal are where it’s at in terms of trad, but is that still the case?
Sraith ina rachaidh an fidléir Doireann Ní Ghlacáin ar aistear chuig ceithre cheantar ar leith in Éirinn agus i Sasana ag lorg scoth an cheoil. Bhí cáil an cheoil riamh ar iarthar an Chláir, ar Shliabh Luachra agus ar Dhún na nGall ach cad faoi cheantair eile?
Tithe Cois Uisce
NEW - Begins Wednesday 17 January @ 20:30
‘Tithe Cois Uisce’ is an 8-part series that follows on from the popular “Tithe Cois Farraige’ series. As an island nation, we have been building houses by the water for thousands of years, between dramatic cliffs off our coasts, to tranquil lakes in the middle of the country and to the banks of the rivers all around us. Each week Síle Nic Chonaonaigh will visit a different location to meet those who have built houses by the water.
Is sraith 8 gclár é ‘Tithe Cois Uisce’ a leanann an tsraith ‘Tithe Cois Farraige’, a raibh an-tóir uirthi. Tá muintir na hÉireann ag cur fúthu cois uisce leis na mílte bliain in áiteanna rite le cósta, cois abhann i lár tíre agus ar bhruacha aibhneacha.
Marú inár Measc
NEW - Begins Wednesday 31 January @ 21:30
This is a three-part true crime documentary series which shines a light on the effect that fatal crimes have on society, local communities and on the victim’s families as they are left without answers. To what lengths does a killer go to cover up their heinous act and escape justice? And how does a community, or a family move on, knowing that there might be a killer in their midst?
Is sraith faisnéise trí chlár é seo ina dtugtar léargas ar an tionchar a bhíonn ag marú ar an tsochaí, ar an bpobal agus ar na teaghlaigh a dtarlaíonn sé dóibh. Cé chomh fada a rachadh an té a dhéanann marú chun an choir a cheilt agus éalú ón dlí? Cén chaoi a dtéann pobal nó teaghlach ar aghaidh leis an saol agus fios acu go bhféadfadh dúnmharfóir a bheith ina measc?
Cúla4
New Shows for the New Year on Cúla4
As we step into the New Year, Cúla4 is thrilled to unveil an exciting array of programmes for our young viewers. They will include “Pompon An Béirín Beag”, “Blocdhathanna” and “Miraculous”.
Sa Bhliain Nua tá ríméad ar Cúla4 réimse iontach de chláracha a chur i láthair don lucht féachana. Ina measc “Pompon An Béirín Beag”, “Blocdhathanna” agus “Miraculous” (Sraith 3).
Cúla4 le fáil ar/ is available on :
Saorview – cainéal 18
Virgin Media – cainéal 602
Sky – cainéal 624
Sky i dTuaisceart na hÉireann (N.I) – cainéal 627 & Sky Glass
Eir & Cula4.com
Cainéal 4 Saorview; Cainéal 104 Sky
Cainéal 104 UPC; 137 HD ar UPC, 602 Cúla4 ar UPC
Tuaisceart Éireann: 163 (Sky); 877 (Virgin Cable); 51 (Freeview)
Ar fud na Cruinne: www.tg4.tv