Skip to main content
< back to TG4.ie

Vacancies

 

Láithreoir CÚLA4

Conradh Buan

Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ar an bpost Láithreoir ar Chainéal Cúla4. Beidh ról lárnach ag an té a cheapfar ag cur sceideal Cúla4 i láthair an phobail féachana, ar an teilifís agus ar na meáin shóisialta. Beidh an té a cheapfar lonnaithe i gCeannáras TG4 i nGaeltacht na Gaillimhe agus freagrach do Bhainisteoir Cúla4.
Duine fuinniúil, cumasach atá ag teastáil chun ábhar clár agus míreanna Leanúnachais Cúla4 a chur i láthair agus chun freastal ar ardáin shóisialta TG4.
 
Cúramaí
Beidh an té a cheapfar ag feidhmiú ina Ambasadóir Branda agus ina Láithreoir Leanúnachais le Cainéal Cúla4.
 
Beidh an té seo freagrach as seo a leanas:

  • Cumarsáid a dhéanamh leis an lucht féachana ar Ardáin Shóisialta Cúla4.
  • Cur le branda Cúla4 trí ghlór agus aitheantas a thabhairt don chainéal, ar an aer, ar líne agus i measc an phobail.
  • Ábhar agus Leanúnachas a chur i láthair do Chainéal Cúla4.
  • Cumarsáid a dhéanamh leis an Lucht Féachana trí ghuthú, na Meáin Shóisialta & srl.
  • An lucht féachana a threorú chuig ábhar Cúla4.
  • Ionadaíocht a dhéanamh do TG4 ag ócáidí pobail agus poiblí.
  • Aon fhreagrachtaí eile arna sannadh agus arna meas ag an mbainisteoir/stiúrthóir na rannóige bunaithe ar riachtanais an ghnó.

Bíonn tionscal na teilifíse ag síorathrú. Glacann TG4 go fonnmhar leis na hathruithe seo agus athróidh an comhlacht agus dualgais na foirne dá réir.

Ag brath ar riachtanais TG4, agus an réimse scileanna atá ag an té a cheapfar, d’fhéadfaí dualgais oibre a athrú amach anseo, taobh istigh den ghrád céanna.
 
Nithe atá riachtanach don phost seo:

  • Duine a bhfuil cumas láithreoireachta ann, teacht i láthair taitneamhach, urlabhra shoiléir agus ardchumas scríofa agus cumarsáide aige atá ag teastáil don phost seo.
  • Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.
  • Tuiscint agus taithí ar bheith ag obair le daoine óga
  • Fócas dearfach agus cumas maith foirne
  • Sár-thuiscint ar chumas na meán shóisialta agus na n-ardán digiteach lucht féachana a aimsiú.
  • Taithí ar ábhar físe / fuaime a chruthú do na hardáin shóisialta
  • Tuiscint ar an bpobal féachana atá ag Cúla4
  • Taithí mhaith ar chúrsaí riaracháin agus ríomhaireachta (ard-tuiscint ar Excel, MS Office agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa).
  • Taithí mhaith ar thaighde a dhéanamh
  • A bheith ábalta feidhmiú go muiníneach agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil.

 
5pm Déardaoin an 10 Aibreán 2025 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Seol d’iarratas mar aon le físeán samplach de do chumas láithreoireachta chuig cv@tg4.ie.

Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4.

Fostóir comhionannais deiseanna é TG4 agus déantar iarratais incháilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéas chlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil. Tá dearcadh dearfach ag TG4 i leith na hÉagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu.
 


Intéirneacht le TG4

Scéim Intéirneachta Bliana le TG4 do chéimithe nó do tosaitheoirí
Lúnasa 2025 -> Lúnasa 2026

 
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó tosaitheoirí nó ó chéimithe ollscoile chun tréimhse bliana a chaitheamh ar intéirneacht le TG4 i mBaile na hAbhann.
 
Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
 
Is deis é seo do dhaoine atá ag tosú amach san earnáil Físe agus atá ag iarraidh taithí phraiticiúil a fháil chun cur leis an oiliúint atá faighte acu go dtí seo. Íocfar tuarastal le linn na bliana taithí oibre seo agus beidh deiseanna oiliúna eile ar fáil le linn na bliana.
Daoine a bhfuil Gaeilge den scoth acu agus a bhfuil suim acu sna hardáin meán sóisialta atá á lorg againn. Beifear ag súil go mbeidh scileanna taighde agus cumas maith scríofa (i nGaeilge & i mBéarla) ag an té a cheapfar chomh maith le tuiscint a bheith acu ar céard is scéal mealltach ann.
 
I measc na ndualgas a bheidh ar an té a cheapfar, beidh:

  • Míreanna a aimsiú, a sceidealú agus a chur in eagar le cur ar ardáin shóisialta TG4.
  • Beidh ceannscríbhinn agus fotheidil le cruthú d’ábhar ar líne, mar aon le hábhar a chur in oiriúint do na hardáin shóisialta.
  • Beidh an té a cheapfar ina phointe teagmhála ag an bpobal agus beidh cúram air/uirthi comhordú a dhéanamh ar fhreagraí chuig an bpobal ar na hardáin shóisialta.
  • Aon fhreagrachtaí eile arna sannadh agus arna meas ag an mbainisteoir/stiúrthóir na rannóige bunaithe ar riachtanais an ghnó.

Bíonn tionscal na teilifíse ag síorathrú. Glacann TG4 go fonnmhar leis na hathruithe seo agus athróidh an comhlacht agus dualgais na foirne dá réir.
Gheobhaidh an té a cheapfar taithí chuimsitheach ar bheith ag obair i réimse an léiriúcháin faoi láthair ina ndéantar comhordú ar obair eagarthóireachta agus ar obair foilsitheoireachta ar na hardáin Dhigiteacha.
 
Tá daoine faoi oiliúint á lorg sna réimsí seo a leanas:

  • Intéirn le BLOC
  • Intéirn le MOLSCÉAL
  • Intéirn le Spórt TG4
  • Intéirn ábhar Oideachais
  • Ealaíontóir Grafaicí faoi oiliúint
  • Intéirn Eagarthóireachta

 
Seol do CV, litir iarratas chomh maith le sampla de do chuid oibre ar na meáin shóisialta/obair grafaicí/obair eagarthóireachta in 2 de na réimsí sin thuas ar a mhéad – Molscéal, BLOC, Spórt, Oideachas, Grafaicí nó Eagarthóireacht chuig cv@tg4.ie.

Cuir do chéad dá rogha as na roghanna thuas in iúl.

Cinntigh freisin go bhfuil an taithí oibre ábhartha atá liostaithe agat i do CV ag teacht leis na hardáin a bhfuil suim agat cur isteach orthu.

An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: 4pm Déardaoin an 17 Aibreán 2025.

Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4.

Is poist lánaimseartha iad seo agus beidh na daoine a cheapfar lonnaithe i gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann, i gCo. na Gaillimhe.

 


Intéirneacht i Rannóg Dlí TG4

Intéirneacht ar bhonn páirtaimseartha ar feadh tréimhse bliana i TG4 do mhic léinn sa réimse Dlí, ag tosú i mí Lúnasa 2025 (2 lá sa tseachtain)
 
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó mhic léinn chun tréimhse bliana a chaitheamh ar intéirneacht i TG4 i mBaile na hAbhann.

Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.

Is deis é seo do dhuine a bhfuil céim sa dlí bainte amach acu agus atá ag iarraidh taithí phraiticiúil a fháil chun cur leis an oiliúint atá faighte acu go dtí seo. Íocfar tuarastal le linn na hintéirneachta seo.
Ní mór Gaeilge den scoth a bheith ag an mac léinn, idir scríobh agus ó bhéal. Beifear ag súil go mbeidh scileanna láidre eagrúcháin, taighde, oibre foirne agus cumarsáide ag an mac léinn. Tá sé tábhachtach go mbeadh taithí mhaith ar ríomhairí agat agus go mbeadh tú in ann córais nua a fhoghlaim go tapa.
 
I measc na ndualgas a bheidh ar an té a cheapfar, beidh:

  • Cuidiú le conarthaí a dhréachtú
  • Obair riaracháin
  • Taighde
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar páipéarachas imréitigh

Gheobhaidh an té a cheapfar taithí chuimsitheach ar bheith ag obair sa réimse dlí.

Seol CV, mar aon le d’iarratas chuig cv@tg4.ie.

An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: 4pm Déardaoin an 17 Aibreán 2025.

Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4.

Beidh an post seo lonnaithe i gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann.

 


Comhairle Lucht Féachana TG4

Cuirfidh TG4 fáilte roimh léirithe spéise ó dhaoine le Gaeilge líofa ar mian leo a bheith ina gcomhaltaí ar Chomhairle Lucht Féachana TG4.

Fáilteofar roimh iarratais o dhaoine atá ionadaíoch ar an phobal féachana i gcoitine, ar phobal Gaeltachta agus go mórmhór iad siúd atá ionadaíoch ar an lucht féachana Cúla4 nó ar an óige.

Is í feidhm na Comhairle ná tuairimí agus aiseolas a chur in iúl don Bhord agus do fhoireann bhainistíochta TG4. Is deis í seo do dhaoine tacú le TG4 ar bhealach praiticiúil tríd aiseolas luachmhar a roinnt maidir le raon agus caighdeán an ábhair ag TG4.

Is é Bord TG4 a cheapann comhaltaí na Comhairle. Beidh comhalta ar Bhord TG4 mar Chathaoirleach ar an gComhairle agus ceapfar ceathrar déag comhaltaí eile ó réimse cúlraí agus aoisghrúpaí.

Bíonn dhá chruinniú sa mbliain ag an gComhairle Lucht Féachana.

Tá ról agus dualgais na Comhairle leagtha amach in Alt 96 den Acht Craolacháin 2009. Treoraítear ansin don Bhord daoine a cheapadh ar an gComhairle Lucht Féachana atá “ionadaitheach ar an phobal féachana agus éisteachta agus, go háirithe, ar phobail Ghaeltachta, ar dhaoine faoi mhíchumas radhairc nó éisteachta agus go mbeidh na comhaltaí ..in ann cumarsáid inniúil a dhéanamh as Gaeilge.”

Iarrtar ar dhaoine ar suim leo a bheith ina gcomhaltaí Comhairle agus a bhfuil a gcáilíocht ag teacht leis na riachtanais atá luaite thuas san Acht, a suim a léiriú trí litir iarratais agus CV gearr (1 lch) a sholáthar ina dtugtar na gnáth-shonraí pearsanta mar aon le seoladh reatha r phoist agus gnáth-phoist agus deimhniú ar a gcumas cumarsáide i nGaeilge.

Seol d’iarratas ar r phost chuig comhairle@tg4.ie roimh an 20 Márta 2025
nó sa bpost chuig:
Comhairle Lucht Féachana, Oifig an Ardstiúrthóra, TG4, Baile na hAbhann, Co na Gaillimhe.

Leanfaidh tréimhse an Chomhairle Lucht Féachana suas go 5 bliana ag braith ar athruithe sa reachtaíocht craolacháin.

Níl táille i gceist. Clúdófar costais le freastal ar chruinnithe.