Skip to main content
< back to TG4.ie

Traenáil & Forbairt

Intéirneacht le TG4

Scéim Intéirneachta Bliana le TG4 do chéimithe nó do tosaitheoirí
Lúnasa 2025 -> Lúnasa 2026

 
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó tosaitheoirí nó ó chéimithe ollscoile chun tréimhse bliana a chaitheamh ar intéirneacht le TG4 i mBaile na hAbhann.
 
Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
 
Is deis é seo do dhaoine atá ag tosú amach san earnáil Físe agus atá ag iarraidh taithí phraiticiúil a fháil chun cur leis an oiliúint atá faighte acu go dtí seo. Íocfar tuarastal le linn na bliana taithí oibre seo agus beidh deiseanna oiliúna eile ar fáil le linn na bliana.
Daoine a bhfuil Gaeilge den scoth acu agus a bhfuil suim acu sna hardáin meán sóisialta atá á lorg againn. Beifear ag súil go mbeidh scileanna taighde agus cumas maith scríofa (i nGaeilge & i mBéarla) ag an té a cheapfar chomh maith le tuiscint a bheith acu ar céard is scéal mealltach ann.
 
I measc na ndualgas a bheidh ar an té a cheapfar, beidh:

  • Míreanna a aimsiú, a sceidealú agus a chur in eagar le cur ar ardáin shóisialta TG4.
  • Beidh ceannscríbhinn agus fotheidil le cruthú d’ábhar ar líne, mar aon le hábhar a chur in oiriúint do na hardáin shóisialta.
  • Beidh an té a cheapfar ina phointe teagmhála ag an bpobal agus beidh cúram air/uirthi comhordú a dhéanamh ar fhreagraí chuig an bpobal ar na hardáin shóisialta.
  • Aon fhreagrachtaí eile arna sannadh agus arna meas ag an mbainisteoir/stiúrthóir na rannóige bunaithe ar riachtanais an ghnó.

Bíonn tionscal na teilifíse ag síorathrú. Glacann TG4 go fonnmhar leis na hathruithe seo agus athróidh an comhlacht agus dualgais na foirne dá réir.
Gheobhaidh an té a cheapfar taithí chuimsitheach ar bheith ag obair i réimse an léiriúcháin faoi láthair ina ndéantar comhordú ar obair eagarthóireachta agus ar obair foilsitheoireachta ar na hardáin Dhigiteacha.
 
Tá daoine faoi oiliúint á lorg sna réimsí seo a leanas:

  • Intéirn le BLOC
  • Intéirn le MOLSCÉAL
  • Intéirn le Spórt TG4
  • Intéirn ábhar Oideachais
  • Ealaíontóir Grafaicí faoi oiliúint
  • Intéirn Eagarthóireachta

 
Seol do CV, litir iarratas chomh maith le sampla de do chuid oibre ar na meáin shóisialta/obair grafaicí/obair eagarthóireachta in 2 de na réimsí sin thuas ar a mhéad – Molscéal, BLOC, Spórt, Oideachas, Grafaicí nó Eagarthóireacht chuig cv@tg4.ie.

Cuir do chéad dá rogha as na roghanna thuas in iúl.

Cinntigh freisin go bhfuil an taithí oibre ábhartha atá liostaithe agat i do CV ag teacht leis na hardáin a bhfuil suim agat cur isteach orthu.

An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: 4pm Déardaoin an 17 Aibreán 2025.

Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4.

Is poist lánaimseartha iad seo agus beidh na daoine a cheapfar lonnaithe i gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann, i gCo. na Gaillimhe.

 


Intéirneacht i Rannóg Dlí TG4

Intéirneacht ar bhonn páirtaimseartha ar feadh tréimhse bliana i TG4 do mhic léinn sa réimse Dlí, ag tosú i mí Lúnasa 2025 (2 lá sa tseachtain)
 
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó mhic léinn chun tréimhse bliana a chaitheamh ar intéirneacht i TG4 i mBaile na hAbhann.

Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.

Is deis é seo do dhuine a bhfuil céim sa dlí bainte amach acu agus atá ag iarraidh taithí phraiticiúil a fháil chun cur leis an oiliúint atá faighte acu go dtí seo. Íocfar tuarastal le linn na hintéirneachta seo.
Ní mór Gaeilge den scoth a bheith ag an mac léinn, idir scríobh agus ó bhéal. Beifear ag súil go mbeidh scileanna láidre eagrúcháin, taighde, oibre foirne agus cumarsáide ag an mac léinn. Tá sé tábhachtach go mbeadh taithí mhaith ar ríomhairí agat agus go mbeadh tú in ann córais nua a fhoghlaim go tapa.
 
I measc na ndualgas a bheidh ar an té a cheapfar, beidh:

  • Cuidiú le conarthaí a dhréachtú
  • Obair riaracháin
  • Taighde
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar páipéarachas imréitigh

Gheobhaidh an té a cheapfar taithí chuimsitheach ar bheith ag obair sa réimse dlí.

Seol CV, mar aon le d’iarratas chuig cv@tg4.ie.

An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: 4pm Déardaoin an 17 Aibreán 2025.

Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4.

Beidh an post seo lonnaithe i gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann.