Babhta Coimisiúnaithe Ollsoláthar Dubáil 2025 & 2026
Babhta Coimisiúnaithe Ollsoláthar Dubáil 2025 & 2026
An sprioc-am d’iarratais Dubála ná 30/09/2024.
Cuireann TG4 fáilte roimh iarratais do sheirbhís dubála ó tús 2025 go deireadh 2026. Déanfar aon chonradh a bhronnfar mar thoradh ar an gcomórtas tairisceana seo a bhronnadh ar feadh tréimhse suas le dhá bhliain agus rogha ann é a fhadú suas le dhá (2) bhliain eile maille le hathbhreithnithe bliantúla.
Tairiscintí ar feadh tréimhse 2 bhliain – faoi réir conradh.
Tá sé mar aidhm ag TG4 suas le 150 uair an chloig dubáil a dhéanamh in aghaidh na bliana idir:
- Tograí dubála ilghlór (go mór mór ábhar do sceideal Cúla4)
- Tograí dubála aonghlór (leithéid Survivor nó Domhan an Dúlra)
- Tograí athphacáistithe (leithéid Fíorscéal, Dochreidte gan Dabht)
Iarrtar ar chomhlachtaí a mbeadh an scil agus an saintaithí acu freastal ar chuid de sheirbhís dubála TG4, iarratas a sheoladh chugainn. Déanfar na hiarratais a mheas bunaithe ar:
- Scil & Saintaithí
- Scripteáil & Cruinneas Teanga
- Luach in aghaidh na huaire
- Caighdeán léirithe
Mar chuid den iarratas, is gá na sonraí seo a leanas a chuir ar fáil:
- Uasmhéid uaireanta in aghaidh na bliana.
- Liosta den phríomhfhoireann léirithe agus stiúrtha
- Liosta den phríomhfhoireann Scriptithe / Aistriúcháin
- Script samplach
- Cur chuige do ráthú Caighdeáin & Cruinnis Teanga
- Cur síos ar an trealamh / áiseanna dubála
- Buiséad ag úsáid an teimpléad dubála atá ar an suíomh. Nasc le fáil anseo: https://www.tg4.ie/Teimpléad_Buiséad_Dubála.
Moltar teagmháil a dhéanamh le collette.ui.neachtain@tg4.ie maidir le treoir don bhuiséid roimh iarratas a chur isteach.
An sprioc-am d’iarratais Dubála ná 30/09/2024. Beidh súil againn cruinnithe a rith ar an 9ú agus 10ú lá do mhí Deireadh Fómhair.
Tá fáilte roimh teagmháil le siobhan.ni.bhradaigh@tg4.ie má tá soiléiriú nó breis eolais ag teastáil.
Caithfear na hiarratais a chur isteach go leictreonach. Mura bhfuil an comhlacht cláraithe, caithfear clárú ar dtús ar an suíomh eCoimisiúin https://ecomm.tg4.ie, agus an t-iarratas a uaslódáil roimh an sprioc-am tríd an rogha, ‘Dubáil 2025 & 2026’, ón roghchlár anuas. Tiocfaidh admháil chugat go leictreonach go huathoibríoch. Ní ghlacfar le hiarratais tar éis an sprioc-ama agus caithfidh na comhlachtaí iad féin déanamh cinnte gur seachadadh na hiarratais.