Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Coimisiúnú

Scéim Forbartha Cine4 do phríomhscannáin bheo-aicsin Ghaeilge
Glao ar iarratais

4pm an 25 Deireadh Fómhair 2024 an spriocdháta agus fógrófar na hiarrthóirí a n-éireoidh leo faoi dheireadh mhí na Nollag 2024

 

 

Tá TG4, Fís Éireann (FÉ) agus Coimisiún na Meán (CnaM) ag seoladh Scéim Forbartha Cine4 chun tacú le saothar dinimiciúil agus úrnua ó dhaoine cumasacha cruthaitheacha Éireannacha atá tiomanta do phríomhscannáin a dhéanamh i nGaeilge.
 
 

Tá sé mar aidhm ag an scéim Cine4, atá oscailte do thionscadail príomhscannáin bheo-aicsin Ghaeilge, scéalaíocht láidir, bua físiúil agus ardluachanna léiriúcháin atá oiriúnach don scáileán mór a spreagadh. Is féidir le scannáin a bheith d’aon seánra agus ní mór dóibh a léiriú go mbeidh ar a gcumas lucht féachana Éireannach agus idirnáisiúnta a mhealladh. Tabhair faoi deara gurb é atá i gcroílár na scéime Cine4 ná scríbhneoirí Gaeilge a chothú agus daoine cumasacha nua agus atá ag teacht chun cinn a fhorbairt. Tabharfar saol iomlán na féile agus eisiúint amharclainne do na tionscadail léirithe a bhfuil buiséad suas le €1.8 milliún ag gabháil leo sula dtaispeánfar den chéad uair iad ar TG4.
 
 

Tá ceithre chéim i scéim Cine4 – (i) iarratais tosaigh (ii) an chéad chéim forbartha de €25,000 do cheithre thionscadal roghnaithe agus (iii) an dara forbairt de €25,000 don dá thionscadal roghnaithe as na ceithre cinn agus (iv) an chéim léirithe. Tar éis iarratais tosaigh a fháil, roghnóidh painéal measúnóirí ó TG4, FÉ agus CnaM suas le ceithre thionscadal lena gcur ar aghaidh go dtí céim forbartha tacaithe a haon agus cuirfear buiséid suas le €25,000 ar fáil do gach tionscadal (maoinithe i gcomhar ag TG4, FÉ agus CnaM). Nuair a bheidh céim forbartha a haon curtha i gcrích, roghnófar dhá thionscadal agus bronnfar buiséad breise €25,000 orthu (maoinithe i gcomhar ag TG4 agus FÉ) le haghaidh chéim a dó den fhorbairt. Tá €25,000 breise ar fáil don chéim forbartha seo agus tá sé lánroghnach maidir le cé atá in ann leas a bhaint as. Tá an maoiniú breise seo á thairiscint mar gurb é croí-aidhm na scéime scríbhneoirí Gaeilge a chothú agus daoine cumasacha nua agus atá ag teacht chun cinn a fhorbairt. Nuair a bheidh an fhorbairt curtha i gcrích, cuirfear tionscadail ar aghaidh chuig an gcéad bhabhta eile de Chiste ‘Fuaim & Fís’ Choimisiún na Meán agus chuig babhta Maoinithe Léiriúcháin Fhís Éireann.
 
 

Cé atá in ann Iarratas a Dhéanamh?

Tá Scéim Forbartha Cine4 oscailte do chomhlachtaí léiriúcháin closamhairc atá cáilithe go cuí agus a bhfuil rochtain shoiléir acu ar na cearta riachtanacha maidir le haon ábhar atá á fhorbairt don scáileán mór. Tabharfar tús áite do chomhlachtaí léiriúcháin a bhfuil polasaí soiléir acu an Ghaeilge a fhorbairt mar theanga oibre léiriúcháin, do chomhlachtaí a bhfuil de phríomhaidhm acu cothromaíocht inscne a bhaint amach ar fud na bhfoirne cruthaitheacha agus na gcomhlachtaí a bhfuil cultúr acu a spreagann comhléiriú agus idirnáisiúnú.
 
 

Treoirlínte Incháilitheachta

  • Tá an scéim oscailte do phríomhscannáin ficsin bheo-aicsin (90 go 120 nóiméad) ach níl sí oscailte do bheochan.
  • Scríbhneoirí Gaeilge
  • Ní ceadmhach an duine céanna a bheith ina léiritheoir agus ina stiúrthóir beartaithe.
  • Níl aon teorainn leis an seánra, stíl na hinsinte, an t-ábhar ná gnéithe eile den script / scéal ach beidh ar thionscadail téamaí Scéim Fuaim agus Fís Choimisiún na Meán a chomhlíonadh le bheith incháilithe do chúnamh léiriúcháin.
  • Níl tionscadail a fuair maoiniú forbartha roimhe seo ó TG4, ó Fhís Éireann nó ó aon ghníomhaireacht eile incháilithe.
  • Níl scéim Cine4 oscailte do mhic léinn lánaimseartha ná pháirtaimseartha.
  • Níor chóir do bhuiséid léiriúcháin do gach tionscadal a bheidh le maoiniú ag TG4, Fís Éireann, Coimisiún na Meán (faoi réir thacaíocht a bheith faighte ó chiste Fuaim & Fís Choimisiún na Meán) agus Alt 481 a bheith níos mó ná €1,800,000. Níor cheart maoiniú breise comhléirithe tríú páirtí a lorg.

 
 

Conas Iarratas a Dhéanamh?

  • 4pm an 25 Deireadh Fómhair 2024 an spriocdháta le haghaidh iarratais. Ní bhreithneofar iarratais dhéanacha nó neamhiomlána, agus tá sé de dhualgas ar an gcomhlacht léiriúcháin a chinntiú go bhfuil an t-iarratas faighte againn.
  • Ní mór gach iarratas a dhéanamh go leictreonach, i nGaeilge agus trí chóras coimisiúnaithe TG4 amháin. Mura bhfuil sé déanta agat cheana féin, ní mór duit do chomhlacht a chlárú ar dtús ar shuíomh gréasáin eCoimisiúin TG4 https://ecomm.tg4.ie/ agus d’iarratas a uaslódáil trí ‘Cine4 – Forbairt 2024’ a roghnú ón roghchlár anuas roimh an spriocdháta. Déanfar admháil a ghiniúint go huathoibríoch.
  • Má tá aon cheist agat faoin bpróiseas iarratais ar líne, seol ríomhphost chuig Majella Nic Dhonnacha majella.nic.dhonnacha@tg4.ie
  • Tá sé mar aidhm ag TG4, Fís Éireann agus Coimisiún na Meán na hiarratasóirí a bhfuil éirithe leo a chur ar an eolas faoi dheireadh mhí na Nollag 2024.

 
 

Ábhar Riachtanach i ndáil le hIarratais

  • Achoimre ghearr (suas le 25 focal) agus Cur Síos (suas le leathleathanach A4)
  • Láimhseáil/Imlíne (6-10 leathanach ar a mhéad)
  • Cur síos gairid ar charachtair lena n-áirítear scéalta na gcarachtar (1 leathanach ar a mhéad)
  • Nótaí na Scríbhneoirí maidir le forbairt bhreise (1 leathanach ar a mhéad)
  • Nótaí na Stiúrthóirí faoin tionscadal (1 leathanach ar a mhéad)
  • Nótaí Cruthaitheacha na Léiritheoirí faoin tionscadal (1 leathanach ar a mhéad)
  • Sonraí na príomhfhoirne cruthaithí – léiritheoir, scríbhneoir, stiúrthóir (le chéile ar aon leathanach amháin ar a mhéad)
  • Buiséad Forbartha (1 leathanach ar a mhéad)
  • Fianaise ar Úinéireacht Ceart.

Ba chóir na míreanna seo a chur in aon doiciméad pdf soiléir amháin agus a uaslódáil ar chóras coimisiúnaithe ar líne TG4 de réir na dtreoracha thuas.
 
 

Tuilleadh Eolais

Tá Feidhmeannaigh TG4 ar fáil roimh an spriocdháta le haghaidh cruinnithe gearra le hiarratasóirí ionchasacha.

Chun eolas a fháil faoin mbealach le cruinniú a shocrú nó má tá ceisteanna agat faoi aon chuid den scéim seo

is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig Máire Ní Chonláin maire.ni.chonlain@tg4.ie nó chuig Deirbhile Ní Churraighín deirbhile.ni.churraighin@tg4.ie