SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM ANAMNOCHT DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE
CLÚDCAH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ
 

SCEIDEAL - DÉ DOMHNAIGH, 30.11.2008

 
DÉ DOMHNAIGH  •  DÉ LUAIN  •  DÉ MÁIRT  •  DÉ CÉADAOIN  •  DÉARDAOIN  •  DÉ hAOINE  •  DÉ SATHAIRN
06:00   France 24
Cainéal nuachta 24 uair a chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras.
07:00   Cúla 4 na nÓg
Cláir do leanaí réamhscoile ar nós Dora, Tar ag Spraoi Sesame agus Bo ag Bogadaí, gach maidin ar Cúla 4.
07:01   Doodlebops
Clár ceolmhar le Deedee, Rooney & le Moe.
07:25   Tar ag Spraoi Sesame
07:50   Loopdidoo
Tar ag Spraoi le Loopdidoo agus le Petunia.
07:55   Dora
08:20   Scéalta Tom & Jerry
08:45   Duck Dodgers
09:00   Megas XLR
09:25   Scannán - The Secret Mountain
(1997) Is iad Tinke Van der Walle, Sharon Tyrell agus Michelle Amas na príomhaisteoirí sa scannán seo agus is é Declan Eames a stiúraigh é. Imíonn Jack, Peggy, Mike agus Nora chuig an Afraic Theas lena gcara, an Prionsa Paul, agus iad sa tóir ar a gcuid tuismitheoirí atá á gcoinneáil in aghaidh a dtolla ar Shliabh Rúnda.
11:10   Timpeall na Tíre (OS)
Cuid de scéalta nuachta réigiúnacha na seachtaine seo ó Nuacht TG4.
11:40   An Western - Sam Whiskey
(1969) Is iad Angie Dickenson, Burt Reynolds agus Clint Walker príomhaisteoirí an scannáin seo faoi stiúir Arnold Laven. Tá an bhaintreach Laura Breckenridge ag tabhairt $20,000 do dhuine ar bith atá in ann teacht ar ór a goideadh óna fear céile. Tá an t-ór ar íochtar abhainn Platte.
13:25   An Aimsir Láithreach
Aimsir Réigiúnach agus Náisiúnta.
13:30   GAA Beo
BEO @ 2.00 - Craobh Club AIB; Cluiche ceannais Iomána na Mumhan: Áth Dara (Luimneach) V De la Salle (Port Láirge), BEO @ 3.45 - Craobh Club AIB; Cluiche Ceannais Peile Uladh: Raonaithe na Croise (Ard Mhacha) V Seamróga Baile an Doire (Doire)
17:15   Laochra Gael: Gary Kirby (OS)
D’éirigh Gary Kirby suas i dTobar Phádraig áit a bhfuil na daoine an-tógtha leis an iomáint. D’imir sé don chéad uair d’fhoireann sinsir an chontae i 1986. Bhuaigh sé craobh mionúir dá chontae freisin. I 1987 bhuaigh sé craobh Faoi 21.
17:45   Volvo Ocean Race
Na buaicphointí is déanaí ó Rás Farraige Volvo 2008/09 agus an nuacht is déanaí ón dara céim den rás nuair a sheolfaidh na báid as Cape Town go Kochi, India. Seo ceann de na rásaí is deacra ar domhan. Beidh 8 foireann san iomaíocht agus seolfaidh siad 37,000 muirmhíle ar fud an domhain. Tabharfaidh an ócáid seo cuairt ar 11 calafort ar fud an domhain. Gaillimh ina measc i mBealtaine 2009.
18:15   10 Items Or Less
18:40   An Aimsir Láithreach
Aimsir Réigiúnach agus Náisiúnta.
18:45   Nuacht TG4
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.
19:00   Imeall
Caithfidh Imeall, clár ealaíon TG4, súil chun cinn ar chúrsaí ealaíon agus ar chúrsaí cultúir in Éirinn.
19:30   Gradam Phobal na Gaeltachta 2008
Fógrófar buaiteoirí Ghradaim Phobail na Gaeltachta 2008 ag mórshearmanas a chraolfar beo ar TG4 as Óstán an Radisson SAS i nGaillimh.
20:30   Nollaig No. 1 (OS)
Táimid fós sa tóir ar amhránaí a bhainfidh barr na gcairteanna amach an Nollaig seo. Curtha i láthair ag Róisín Ní Thomáin.
21:30   Cogar: Sa mBaile san Ind (OS)
Téann beirt deirfiúracha as Conamara ar aistear fada go dtí an India chun aithne a chur ar ghaolta leo agus chun léargas a fháil ar an gcultúr.
22:00   Geantraí
Is as teach tábhairne ‘Gregory’s Tavern’ i gCill Choca i gCo. Chill Dara a chraolfar clár na seachtaine seo a bheidh á chur i láthair ag an amhránaí agus ag an bhfidléir Eithne Ní Chatháin.
22:30   Ollchlár Ros na Rún (OS)
23:25   Comhrá: Danny Staff (OS)
Labhraíonn an t-ealaíontóir Danny Staff le Máirtín faoin méid taithí a fuair sé ó a bheith ina chónaí sa Nua-Shéalainn ar feadh sé bliana. Cloisimid freisin faoin iníon atá aige nach bhfaca sé riamh agus atá ina cónaí ansin.
23:55   An Aimsir Láithreach
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.
00:00   Fíorscéal: Dílleachtaí Díbeartha an Aineolais (OS)
Clár speisialta ar Lá Domhanda SEIF! Tugann an clár seo léargas dúinn ar shaol triúr páiste a bhfuil an galar VEID-dearfach orthu i stát Kerala i nDeisceart na hIndia. Cé go gceapann formhór phobal na tíre gur cúis náire é an galar seo, ní bhíonn aon eagla ar na páistí seo labhairt amach faoin galar go poiblí. Insíonn siad dúinn faoi na deacrachtaí a bhíonn acu gach lá. Léiríonn na páistí seo cé chomh tromchúiseach is atá an galar.
01:00   Scéalta na hÉigipte (OS)
Tugaimid aghaidh ar dhá chineál saoil atá iomlán difriúil anseo: saol na manach i bhfásaigh na hÉigipte, agus an ceol, an damhsa agus na scannáin a léiríonn saol cultúrtha na tíre.
02:00   France 24
Cainéal nuachta 24 uair a chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras.
05:58   Deireadh Craolta / Closedown
(TS) English subtitles on teletext (OS) English subtitles on screen (GS) Irish subtitles on teletext
 

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER