Ratko Mladic, iar cheannaire míleata na Seirbia Boisnia curtha ar a thrial maidir le coireanna cinedhíothú.
Ruathar ag Gardaí faoin gCampa Occupy ar an bhFaiche Mhór i nGaillimh, an campa Occupy deireadh sa tír.
400 post nua le cruthú ag Grúpa Rehab. Cuireann an eagraíocht seirbhísí agus deiseanna fostaíochta ar fáil do dhaoine faoi mhí-chumas.
Ceannasaí Chomhairle an Stáit sa Ghréig, Panagiotis Pikramenos, ceaptha ina Phríomhaire eatramhach ar an tír.
Deir Príomhstiúrthóir RTÉ nach mbeidh an craoltóir ag staonadh ó iriseoireacht imscrúdaitheach ach go gcaithfí a chinntiú nach mbainfí ró-úsáid as scannánú faoi rún.
A céad troid buaite go compórdach ag Katie Taylor ag craobhacha an domhain sa tSín, Rim Jouini na Túinéise cloíte aice 19-6, agus beidh sí ag troid d'áit sna babhtaí ceathrúceannais thall amárach.
Lar Corbett arais ar phainéal iomána Thiobraid Árann. D'éirigh sé as an iomáint idirchontae níos luaithe sa mbliain de bharr cúramaí oibre, ach beidh sé arais ag traenáil le foireann an chontae Dé Máirt. Tiobraid Árann len aghaidh a thabhairt ar Luimneach i gCraobh Iomána na Mumhan deireadh na míosa.
Bainisteoir Iomána Chiarraí, John Meyler, tar éis éirí as a phost tar éís a díobraíodh foireann na Ríochta as corn Christy Ring thar an deireadh seachtainne. Chlis seaimpíní na bliana seo caite in aghaidh Chill Mhantáin agus in aghaidh Chill Dara, Meyler ag éirí as tar éis toradh an tSathairn sa nDroichead Nua
TUILLEADH EOLAIS
Cló Iar-Chonnacht
€10.00
€14.95
€25.00
€20.00
€12.00
€21.99
€15.00
An Spailpín Fánach
€14.00
€32.00
€39.00