Folúntais
Maor Craolacháin
Conradh Buan
Tá TG4, an tseirbhís náisiúnta teilifíse Gaeilge, lonnaithe i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. Tá sé i gceist ag TG4 Maor Craolacháin, a bheidh lonnaithe sa Cheannáras i nGaeltacht na Gaillimhe, a earcú ar bhonn buan. Beidh an duine a roghnófar freagrach don Bhainisteoir Oibríochtaí.
Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, gan bheith teoranta dóibh, beidh:
- Sceideal TG4 a chur go haer
- Monatóireacht a dhéanamh ar Aschur TG4 ar fud na n-ardán
- Maoirseacht a dhéanamh ar Thograí Aschuir (mar shampla Ardáin Virgin / Cartlann)
- A dheimhniú go bhfuil an t-ábhar á chraoladh ar ardchaighdeán
- Ábhar d’Aschur TG4 a ullmhú agus a sheiceáil (Spotseiceáil / Mionbhlaisíní a roghnú)
- Maoirseacht a dhéanamh ar Aschur TG4 – (i gcás go n-imíonn muid den aer)
- A dheimhniú go bhfuil Aschur TG4, mar atá geallta againn, ar fáil don Lucht Féachana
- Tuairisciú a dhéanamh ar fhadhbanna de réir na dtreoracha reatha
- Na tuairiscí laethúla a líonadh gach lá de réir na dtreoracha reatha
- Smacht a choinneáil ar chláracha agus ar phacáistí a thagann isteach ag TG4 agus a imíonn amach as TG4 trí KU / LiveU agus sruthanna Beo thar IP a úsáid.
- Aon fhreagrachtaí réasúnta eile a mheasann an Bainisteoir/ Stiúrthóir na rannóige bunaithe ar riachtanais an ghnó.
Tabhair ar aird: Is treoir atá sa sainchuntas poist seo maidir le réimsí éagsúla freagrachta agus cuntasachta agus níor cheart breathnú air mar liosta cuimsitheach. D’fhéadfadh an sainchuntas poist a bheith faoi réir athbhreithnithe i bhfianaise struchtúir nua agus/nó athrú a bheith ag teacht ar riachtanais TG4.
Bíonn tionscal na meán ag síorathrú. Glacann TG4 go fonnmhar leis na hathruithe seo agus athróidh an comhlacht agus dualgais na foirne dá réir.
Riachtanais an phoist seo:
- Ní mór céim sa chumarsáid nó taithí theicniúil ar a laghad a bheith ag an iarrthóir.
- Éireoidh leat sa ról seo más duine tú atá ábalta oibriú go muiníneach agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil. Beifear ag súil go mbeidh tú dírithe ar an obair, go mbeidh ardscileanna cumarsáide agat, go mbeidh súil ghrinn ar mhionsonraí agus cumas maith eagrúcháin agat, go mbeidh tú ábalta oibriú mar chuid d’fhoireann agus go mbeidh taithí chruthaithe agat i ról den chineál céanna.
- Beidh eolas maith agat ar ríomhairí, ar na hardáin meán sóisialta agus beidh an cumas ionat córais nua a fhoghlaim go tapa. Cuirfear oiliúint ar fáil ar chórais TG4.
- Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach Gaeilge líofa a bheith ag an té a cheapfar, idir scríobh agus labhairt na teanga.
4pm Dé hAoine an 20 Samhain 2026 an spriocdháta d’iarratais. Seol do CV mar aon le litir iarratais chuig cv@tg4.ie
Eolas Breise don Iarratasóir
Grád an Phoist: Grád 5
Uaireanta Oibre:
78 uair sa gcoicís. Is post ar shealoibre é seo. Is iad seo na laethanta oibre:
Seachtain 1: Dé Luain, Dé Máirt, Dé hAoine, Dé Sathairn, Dé Domhnaigh
Seachtain 2: Dé Céadaoin, Déardaoin
Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.
Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:
- Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
- Saoire Staidéir agus Scrúduithe
- Táillí Ballraíochta Gairmiúla
- Pinsean Ranníocach
- An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
- An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre