Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Folúntais

 

 


Eagarthóir Coimisiúnaithe Comhlíontachta

Clúdach Saoire Máithreachais
 

Is mian le TG4 Eagarthóir Coimisiúnaithe Comhlíontachta a earcú a bheidh lonnaithe sa Cheannáras i mBaile na hAbhann i nGaeltacht na Gaillimhe. Is chun fostaí eile san eagraíocht, a bheidh amuigh ar shaoire mháithreachais, a chlúdach an post seo. Ag freagairt don Stiúrthóir Ábhair, beidh an tEagarthóir Coimisiúnaithe Comhlíontachta freagrach as cearta agus comhlíonadh clár, sruthanna oibre inmheánacha chomh maith le cláir a fhorbairt, a choimisiúnú agus a cheannach a oireann do TG4 de réir riachtanais sceideal na gcláracha agus spriocanna TG4 atá ar an gcaighdeán is airde agus is mó luach do phobal féachana leathan TG4 in Éirinn agus ar fud an domhain.

Fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déantar iarratais incháilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil. Tá meon dearfach ag TG4 i leith na hÉagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu. Tacaíonn TG4 le daoine faoi mhíchumas a fhostú.
 
An Ról:
Beidh an té a cheapfar freagrach as ceannasaíocht a ghlacadh ar chearta agus comhlíonadh clár atá á gcoimisiúnú idir fhorbairt smaointe, struchtúr an chláir, script, ionchur ealaíon, fhiúntas, bhuiséad agus seachadadh. I measc na bpríomhdhualgas a bheidh ar an té a cheapfar, beidh:

  • Ceannasaíocht a ghlacadh ar chearta dlí agus na rialacháin a bhaineann le coimisiúnú clár a chomhlíonadh ó thaobh rialála de.
  • A bheith ar an eolas faoi dhlíthe agus caighdeáin na meán cumarsáide agus comhlíonadh na heagraíochta a chur in iúl agus a chinntiú.
  • Measúnú a dhéanamh ar ábhar le haghaidh comhlíonadh rialála agus aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar na caighdeáin craolacháin.
  • A chinntiú go bhfuil an obair riaracháin, cearta, sruthanna oibre ag obair go stuama agus go cruinn.
  • Polasaí chláir TG4 a fhorbairt don Rannóg i gcomhar leis an mBainisteoir Coimisiúnaithe, an Stiúrthóir Ábhair agus an Ard-Stiúrthóir.
  • Feidhmiú mar ionadaí ar an lucht rialála mar aon le cúrsaí cumarsáide agus géarchéimeanna a bhainistiú.
  • Oiliúint ar chúrsaí comhlíontachta a léiriú agus a stiúradh agus treoir a thabhairt do chruthaitheoirí ábhair.
  • Taifid chomhlíontachta a choinneáil agus tuairiscí a ullmhú don lucht bainistíochta agus do lucht rialála.
  • Cláir Ghaeilge den scoth a sholáthar do phríomhsceideal agus ardáin éagsúla TG4 atá ar ardchaighdeán agus a thugann an luach is fearr ar airgead
  • Ard-bhreithiúnas eagarthóireachta a fheidhmiú ar ábhar craolta teilifíse agus ilardáin
  • Iarratais faoi na Babhtaí Coimisiúnaithe a léamh agus a mheas.
  • A bheith páirteach i roghnú na n-iarratas is fearr a oireann do riachtanais an lucht féachana
  • Treoir ar choimisiúnú a thabhairt do na comhlachtaí léiriúcháin
  • Ról gníomhach comhpháirteach a ghlacadh i bhforbairt an chlársceidil agus lucht féachana TG4 trí idirbheartaíocht agus comhpháirtíocht le rannóga eile TG4 – Sceideal, Margaíocht, na Meáin Shóisialta, an tIdirlíon srl.
  • An córas coimisiúnaithe agus deiseanna oiliúna a úsáid chun earnáil na léiriúchán neamhspleách Gaeilge a fhorbairt.
  • Cláir nach cláir Ghaeilge iad a cheannach agus a athcheadúnú
  • Dul i mbun plé le soláthróirí idirnáisiúnta, féachaint ar mhíreanna bolscaireachta agus freastal ar imeachtaí margaidh.
  • Comhpháirtíocht a chruthú agus comhléirithe a fhorbairt i bpáirt le heagrais chistíochta agus craoltóirí eile – Coimisiún na Meán, Fís Éireann, an Chomhairle Ealaíon, an Ciste Craoltóireachta Gaeilge agus Féilte Scannán agus Teilifíse.
  • Seasamh agus íomhá an chraoltóra phoiblí a chur chun cinn agus a bheith i d’éascaitheoir ag léiritheoirí agus comhlachtaí neamhspleácha.
  • Clár coimisiúnaithe a aontú don chraoladh trí aontú réamhlíne agus foirm Rialúcháin TG4.

 
A bhfuil riachtanach don phost seo:

  • Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.
  • A bheith tiomanta d’Fhís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm.
  • Tuiscint mhaith ar chearta dlí agus ar na rialacháin a bhaineann le coimisiúnú clár a chomhlíonadh
  • Tuiscint ar an lucht féachana agus ar na cláir agus ar an ábhar ilardáin a mheallann iad.
  • Saineolas ar chláir theilifíse agus ábhar ilardáin a fhorbairt
  • Tuiscint ar sceideal TG4 agus ar an gcomhthéacs ina bhfeidhmíonn sé
  • Eolas ar fhreagrachtaí an chraoltóra phoiblí maidir le caighdeáin agus cóid ábhartha clár.
  • Taithí agus eolas ar chláir theilifíse Ghaeilge a léiriú i ndomhan dian-iomaíoch ilardáin
  • Tuiscint ar oibríochtaí teilifíse, bainistiú buiséid, dlí na meán cumarsáide, cearta craolta agus ar théarmaí trádála na hearnála
  • Ábalta feidhmiú go muiníneach, éifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil.
  • Ábalta oibriú mar chuid d’fhoireann.
  • Taithí mhaith ar chúrsaí riaracháin agus ríomhaireachta, ar na hardáin meán sóisialta agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa. Bheadh eolas ar chórais TG4 (What’sOn, Mediator) ina bhuntáiste, ach cuirfear traenáil ar fáil.
  • Ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh agus a chinntiú go mbeidh ábhar, a bheidh ar ardchaighdeán, réidh agus ar fáil in am.

Sa gCeannáras i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe a bheidh an post seo lonnaithe. Tá Polasaí oibre solúbtha i bhfeidhm i TG4.

4pm Déardaoin an 26 Feabhra 2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais chuig cv@tg4.ie.

 
Eolas Breise don Iarratasóir

Grád an Phoist:
Grád 3

Uaireanta Oibre:
39 uair sa tseachtain. Mar gheall ar riachtanais an phoist, táthar ag súil go mbeifí solúbtha ó am go ham, lena n-áirítear a bheith sásta oibriú, nuair atá gá leis, lasmuigh d’uaireanta oifige, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc.

Laethanta Saoire:
Chomh maith leis na laethanta saoire bainc reachtúla, beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.

Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.

Taisteal:
Beidh taisteal i gceist ó am go chéile mar chuid den ról, in Éirinn agus thar lear.

Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:

  • Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
  • Saoire Staidéir agus Scrúduithe
  • Táillí Ballraíochta Gairmiúla
  • Pinsean Ranníocach
  • An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
  • An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre

 

 


Oifigeach Rialachais Chorparáidigh

Conradh Cuspóra Sheasta – Clúdach Saoire Máithreachais
Grád 4
 
Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ar an bpost, Oifigeach Rialachais Chorparáidigh.
Is mian le TG4 Oifigeach Rialachais Chorparáidigh a earcú a bheidh lonnaithe sa Cheannáras i mBaile na hAbhann i nGaeltacht na Gaillimhe. Is chun fostaí eile san eagraíocht, a bheidh amuigh ar shaoire mháithreachais, a chlúdach an post seo. Ag freagairt don Stiúrthóir Airgeadais agus Riaracháin go dtí go gceapfar Stiúrthóir Gnóthaí Corparáideacha agus Seirbhísí Poiblí amach anseo, beidh an tOifigeach Rialachais Chorparáidigh freagrach as seirbhísí rialachais éagsúla a chur ar fáil do TG4.
Fostóir comhionannais deiseanna é TG4 agus déantar iarratais cháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil. Tá meon dearfach ag TG4 i ndáil le hÉagsúlacht. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu.
 
An Ról

Sa ról seo, beidh tú freagrach as seirbhísí rialachais éagsúla a chur ar fáil do TG4, agus beidh tú freagrach as a chinntiú go gcomhlíontar ceanglais rialachais agus polasaithe inmheánacha gaolmhara na cuideachta. Cuirfidh an ról seo an Fheidhm Rialachais ar fáil chun tacú leis an mBainistíocht, leis an mBord agus leis na Coistí, chun tuairisciú inmheánach a éascú, agus chun comhairle leanúnach rialachais a chur ar fáil do TG4. Déanfaidh tú próisis nua maidir le dea-chleachtais rialachais chorparáidigh a sholáthar do TG4 a chruthú, a chur i bhfeidhm agus a mheas.

I measc phríomhfhreagrachtaí an róil seo, ach gan a bheith teoranta dóibh, tá;

  • An Clár Riosca a bhainistiú
  • Cáipéisí a chomhordú don Ráiteas Bliantúil ar Ghealltanais Feidhmíochta TG4 mar aon le hAthbhreithniú Bliantúil a dhéanamh orthu
  • Freastal ar chruinnithe leis an Roinn ó thaobh aon cheisteanna a bhaineann le rialachas corparáideach
  • Monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an Chóid Cleachtais do Chomhlachtaí Stáit (agus aon Chóid ábhartha eile) agus socrú a dhéanamh na ráitis bhliantúla ar chomhlíonadh a thabhairt chun críche
  • Tacú leis an bhfoireann Ardbhainistíochta agus leis an mBord cúrsaí comhlíontachta a chinntiú i ndáil le haon cheanglais chomhlíontachta rialachais (e.g. tuairisceáin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí etc.)
  • Cabhrú le Rúnaí na Cuideachta a chinntiú go gcloítear le riachtanais rúnaíochta na cuideachta
  • Cabhrú le cruinnithe Boird agus Coiste laistigh den fhoireann a chomhordú, a sceidealú agus freastal orthu, lena n-áirítear cláir oibre agus miontuairiscí a dhréachtú.
  • A chinntiú go bhfuil Cód Iompair an Bhoird cothrom le dáta.
  • Meamraim, tograí agus doiciméid a ullmhú lena n-athbhreithniú agus lena mbreithniú ag an mBord/Coiste
  • Taifid chorparáideacha agus doiciméid chorparáideacha a bhainistiú agus a choinneáil
  • Tuairisciú tréimhsiúil don ardbhainistíocht a chomhordú agus a athbhreithniú
  • Comhairle a thabhairt maidir le cúrsaí rialachais chorparáidigh agus dea-chleachtas, agus comhairle a thabhairt chomh maith maidir le nuashonruithe ar aon athruithe ar rialacháin agus ar reachtaíocht
  • Oiliúint agus forbairt leanúnach a chur ar fáil do bhainistíocht agus do bhaill foirne TG4 maidir le rialachas corparáideach
  • Cúnamh a thabhairt don iniúchóir leis an iniúchadh bliantúil.
  • Tionscadail ad hoc de réir mar a thiocfaidh siad chun cinn agus nuair a thiocfaidh siad chun cinn
  • Aon fhreagrachtaí réasúnta eile a mheasann an Stiúrthóir bunaithe ar riachtanais an ghnó nó riachtanais na rannóige

 
A bhfuil riachtanach don phost seo:

  • Cáilíocht Cuntasaíochta Cairte (ACA, ACCA), Dlí, Rialachais, nó a gcomhionann
  • Taithí roimhe seo ar phróisis rialachais agus bainistithe riosca/comhlíontachta a chur i bhfeidhm agus a mhaoirsiú.
  • Bheadh eolas maith ar chaighdeáin agus nósanna imeachta rialachais na hearnála poiblí inmhianaithe.
  • Ábalta cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le páirtithe leasmhara ar gach leibhéal, go hinmheánach agus go seachtrach araon, agus caidreamh a choinneáil leo agus cruthúnas air sin.
  • Duine treallúsach atá ábalta féinbhainistiú a dhéanamh, a oibríonn laistigh de spriocdhátaí dochta agus a oibríonn thar barr faoi bhrú i dtimpeallacht ghnóthach
  • Beidh taithí mhaith agat ar bhogearraí ríomhaireachta (ardtuiscint ar Excel, MS Office) agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa
  • Airdeallach ar mhionsonraí agus ábalta a léiriú go bhfuil próisis chinnteoireachta loighciúla agat.
  • Scileanna láidre pleanála agus eagrúcháin.

 
Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.

Sa gCeannáras i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe atá an post seo lonnaithe. Tá polasaí solúbtha oibre i bhfeidhm i TG4.

4pm Dé hAoine an 27ú Feabhra 2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Seol CV mar aon le litir iarratais ina leagtar amach an fhís a bheadh agat chuig: cv@tg4.ie
 

Eolas Breise don Iarratasóir

Grád an Phoist:
Grád 4

Uaireanta Oibre:
39 uair sa tseachtain. Mar gheall ar riachtanais an phoist, táthar ag súil go mbeifí solúbtha ó am go ham, lena n-áirítear a bheith sásta oibriú, nuair atá gá leis, lasmuigh d’uaireanta oifige, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc.

Laethanta Saoire:
Chomh maith leis na laethanta saoire bainc reachtúla, beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.

Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.

Taisteal:
Beidh taisteal in Éirinn i gceist ó am go ham mar chuid den ról.

Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:

  • Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
  • Saoire Staidéir agus Scrúduithe
  • Táillí Ballraíochta Gairmiúla
  • Pinsean Ranníocach
  • An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
  • An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre

 

 


Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha agus Gnóthaí Poiblí

Conradh Buan
 

Is mian le TG4 Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha agus Gnóthaí Poiblí a earcú ar chonradh buan. Ag freagairt don Ard-Stiúrthóir, beidh an Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha agus Gnóthaí Poiblí i bhfeighil gnóthaí corparáideacha lena n-áirítear ceannaireacht a thabhairt ar dhualgais rialachais chorparáidigh TG4, stiúradh a thabhairt ar acmhainní daonna maille le cúraimí gnóthaí poiblí na heagraíochta. Beidh an Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha agus Gnóthaí Poiblí ina bhall d’fhoireann ardbhainistíochta TG4.

Is craoltóir náisiúnta teilifíse Gaeilge é TG4 atá lonnaithe i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. Is craoltóir-foilsitheoir seirbhíse poiblí é TG4 a fhaigheann formhór a ábhair ó earnáil na léiritheoirí neamhspleácha, ábhar a bhfuil duaiseanna agus gradaim go leor buaite aige. Tá ábhar TG4 ar fáil ar gach ardán teilifíse ar fud na hÉireann, ar fud an domhain ar an idirlíon agus ar ardáin dhigiteacha.

Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin is riachtanas é go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga. Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.

I gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe a bheidh an post seo lonnaithe agus tá polasaí oibre solúbtha i bhfeidhm ag TG4.
 

Eolas faoin bPost
Is deis iontach é an ról seo do cheannaire ardchumais leas a bhaint as a thaithí feidhmiúcháin chun ceannasaíocht agus spreagadh a thabhairt d’fhonn punanna leathana agus éagsúla a chur i gcrích agus cuspóirí straitéiseacha TG4 a chur chun cinn.

Ag tuairisciú don Ard-Stiúrthóir, beidh an Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha agus Gnóthaí Poiblí freagrach as feidhmiú éifeachtach straitéiseach Seirbhísí Corparáideacha, Acmhainní Daonna agus Gnóthaí Poiblí. Beidh freagracht dhíreach ar shealbhóir an phoist as dea-rialachas a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear ceanglais reachtúla a chomhlíonadh go hiomlán agus beidh an duine sin ag glacadh stiúir ar obair a bhaineann le Coiste Iniúchóireachta agus Riosca Bhord TG4 maidir le saincheisteanna rialachais eagraíochta. Beidh sealbhóir an phoist ina bhall d’fhoireann Ceannaireachta TG4.
 

Beidh an té a cheapfar freagrach as an obair seo a leanas maille le cúraimí eile:
Maoirseacht a dhéanamh ar Rialachas Corparáideach, ar Acmhainní Daonna agus ar Bheartas Poiblí agus barr feabhais eagraíochtúil a spreagadh maidir le próisis a chur i bhfeidhm mar aon lena chinntiú go bhfuiltear ag ailíniú le polasaithe atá ann cheana agus go bhfuiltear á gcur i gcrích.

  • Ceannaireacht a thabhairt sna réimsí feidhme laistigh dá shainchúram, agus cultúr eagraíochtúil a chothú chun baint amach fhís straitéiseach TG4 a éascú i gcomhréir le ceanglais rialachais chorparáidigh
  • Dea-chleachtais i rialachas corparáideach a chur i bhfeidhm san eagraíocht agus a chinntiú go bhfuil TG4 ag comhlíonadh a chuid freagrachtaí rialachais chorparáidigh de réir an Chóid Chleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú.
  • Athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar chreat rialachais TG4 agus a chinntiú go bhfuil sé oiriúnach don fheidhm
  • Feidhmiú mar ionadaí TG4 don chaidreamh rialachais chorparáidigh leis an Roinn agus le comhlachtaí poiblí ábhartha.
  • Cur i bhfeidhm an phlean bhliantúil iniúchóireachta inmheánaí a bhainistiú agus a chomhordú, ag cinntiú go bhfuiltear ag gníomhú go cuí ar mholtaí agus go gcuirtear tuairiscí agus nuashonruithe faoi bhráid na foirne Ceannaireachta agus an Choiste Iniúchóireachta agus Riosca
  • Maoirseacht a dhéanamh ar thacaíocht riaracháin don choiste iniúchóireachta agus riosca
  • An coiste riosca inmheánach agus an clár riosca a bhainistiú agus oibriú le húinéirí riosca chun stádas rioscaí agus gníomhartha maolaithe gaolmhara a shainaithint agus a bhainistiú, agus tuairisciú go rialta don fhoireann ceannaireachta agus do Choiste Iniúchóireachta agus Riosca TG4 maidir le príomhrioscaí straitéiseacha agus eagraíochtúla.
  • Stiúradh agus comhordú a dhéanamh le Coimisiún na Meán chun an ráiteas bliantúil ar ghealltanais feidhmíochta agus an t-athbhreithniú bliantúil ar ghealltanais feidhmíochta a scríobh agus a chur le chéile.
  • Tuarascáil Bhliantúil TG4 don Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt a stiúradh, a scríobh agus a sheachadadh.
  • Stiúradh agus maoirseacht a dhéanamh ar fheidhm na nAcmhainní Daonna san eagraíocht atá ailínithe le spriocanna gnó. Pleanáil straitéiseach ar pholasaithe agus beartais acmhainní daonna chun freastal ar riachtanais na heagraíochta lena n-áirítear pleanáil agus forbairt foirne, feidhmíocht foirne, caidreamh le fostaithe agus comhlíonadh polasaithe mar chroí chuid de Seirbhísí Corparáideacha TG4.
  • Maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh agus rialachas maidir le reachtaíocht fostaíochta agus iniúchta inmheánaigh.
  • A chinntiú go bhfuil polasaithe na comhlachta i gcomhréir leis an reachtaíocht agus go ndéantar athbhreithniú leanúnach orthu agus go gcoinnítear cothrom le dáta iad.
  • Straitéis soláthair agus polasaithe soláthair TG4 a stiúradh agus cuntasacht fhoriomlán a ghlacadh as a chinntiú go gcuirtear an straitéis i gcrích go rathúil agus go gcomhlíontar polasaithe.
  • Rialachas agus comhlíonadh sonraí, lena n-áirítear bearta saorála faisnéise, cosanta sonraí agus nochta cosanta a chur i bhfeidhm.
  • Ceisteanna Parlaiminteacha, iarrataí ar shaoráil faisnéise agus ar chomhlíonadh an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí.
  • Feidhmiú ina Rúnaí Cuideachta do Theilifís na Gaeilge

 
Nithe atá riachtanach don phost seo: Ní mór duit:

  • Taithí mhór a bheith agat ar rialachas corparáideach, gnóthaí poiblí nó réimse inaistrithe eile.
  • Cáilíocht mháistreachta a bheith agat sa ghnó, sa bhainistíocht, in acmhainní daonna, sa dlí nó i réimse eile a bhaineann go díreach leis an ról seo.
  • Dea-theist láidir agus taithí mhór oibre a bheith agat ar fheidhmeanna Seirbhísí Corparáideacha agus Rialachais a threorú.
  • Taithí a bheith agat ar pholasaithe, nósanna imeachta agus córais a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun comhlíonadh, dea-chleachtas agus comhsheasmhacht a chinntiú in oibríochtaí eagraíochtúla
  • Taithí chruthaithe a bheith agat ar bheith ag bainistiú foirne, ag déanamh idirbheartaíochta agus ag plé le páirtithe leasmhara agus le comhpháirtithe ar leibhéal sinsearach.
  • A bheith ábalta dúshláin/bacainní maidir le soláthar a aithint, fadhbanna a réiteach agus dúshláin amach anseo a thuar
  • Sárscileanna cumarsáide agus idirphearsanta a bheith agat agus a bheith ábalta dul i bhfeidhm ar dhaoine
  • Cumas cruthaithe a bheith agat maidir le breithiúnas stuama a thabhairt agus cinnteoireacht shoiléir straitéiseach chinntitheach a dhéanamh
  • A chinntiú go bhfuil cumarsáid mhaith idir baill foirne agus go bhfuil eolas á roinnt go héifeachtach i measc d’fhoirne féin agus le comhbhainisteoirí agus comhghleacaithe.
  • Comhoibriú leis an ardbhainistíocht maidir le hobair na heagraíochta agus leis an obair a bhíonn ar bun le heagraíochtaí eile.

 
Éireoidh leat sa ról seo más duine tú atá ábalta oibriú go muiníneach, go solúbtha agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil.
 
Tabhair ar aird: Is treoir é an sainchuntas poist seo maidir le réimsí leathana freagrachta agus cuntasachta agus níor cheart breathnú air mar liostú cuimsitheach. D’fhéadfadh an sainchuntas poist a bheith faoi réir athbhreithnithe i bhfianaise struchtúir nua agus / nó athrú a bheith ag teacht ar riachtanais TG4.
 

Seol litir iarratais chomh maith le cáipéis (2 leathanach) ina léirítear an uaillmhian atá agat don phost Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha agus Gnóthaí Poiblí Ábhair chuig ardstiurthoir@tg4.ie nó chuig Oifig an Ard-Stiúrthóra, TG4, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe, H91 X4T0, roimh 4pm Dé hAoine an 20 Márta 2026.

 
Eolas Breise don Iarratasóir

Grád an Phoist:
Grád 1

Uaireanta Oibre:
39 uair sa tseachtain. Táthar ag súil, mar gheall ar riachtanais an phoist, go mbeifeá solúbtha ó am go ham, i.e. go mbeifeá sásta, scaití, oibriú lasmuigh d’uaireanta oifige, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc. Tá an teidlíocht ar shaoire le haghaidh laethanta saoire poiblí de réir théarmaí an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997.

Laethanta Saoire:
Chomh maith leis na laethanta saoire bainc reachtúla, beidh tú i dteideal 26 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.

Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.

Taisteal:
Beidh taisteal i gceist ó am go chéile mar chuid den ról, in Éirinn agus thar lear.

Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:

  • Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
  • Saoire Staidéir agus Scrúduithe
  • Táillí Ballraíochta Gairmiúla
  • Pinsean Ranníocach
  • An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
  • An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre

 

 


Ceannaire Oiliúint Ghairme sna Meáin

Chomhpháirtíocht Straitéiseach de chuid Údarás na Gaeltachta agus TG4

 

Is comhfiontar straitéiseach é seo idir TG4 agus Údarás na Gaeltachta a bhfuil sé mar aidhm aige forbairt fadtéarmach agus chothrománach a dhéanamh ar earnáil na Meán Ghaeilge. Le linn na tréimhse 2026–2028, cuirfear infheistíocht shuntasach ar fáil chun cláir oiliúna, forbairt scileanna, agus cláir thionscanta chruthaitheacha a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm a thacóidh le comhlachtaí léirithe Gaeltachta & Gaeilge, fiontraithe nua, lucht gnó agus tallann óg ar fud na tíre.

Ceannaire le ceapadh ar bhonn conartha trí bliana chun ceannas straitéiseach agus fís cheannródaíoch a thabhairt ar an togra seo, agus chun forbairt earnálach, scileanna, acmhainní agus cruthaitheachta a threisiú ar bhonn náisiúnta agus réigiúnach. Beidh an té a cheapfar ag freagairt do Choiste Stiúrtha arna bhunú ag TG4 agus Údarás na Gaeltachta.
 

An Ról – Ceannaire Oiliúna Gairme sna Meáin

Is ról ceannaireachta straitéisí é seo, dírithe ar athrú córais agus ar fhorbairt earnála sa mheáin Ghaeilge. Beidh an Ceannaire freagrach as fís fhoriomlán an tionscnaimh a stiúradh agus a chur i bhfeidhm, ag comhordú clár forbartha tallainne, cláir oiliúna agus tionscadail nuálacha, agus ag gníomhú mar phríomhphointe idirghníomhaíochta leis an earnáil chlosamhairc, leis an nGaeltacht agus leis na príomheagraíochtaí tacaíochta.
 

Príomhfhreagrachtaí

Ceannaireacht Straitéiseach & Fís Earnála

  • Fís straitéiseach Gaeltachta & náisiúnta don oiliúint ghairme sna meáin Ghaeilge a chruthú agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le TG4, Údarás na Gaeltachta agus páirtithe earnála.
  • Treoir agus modheolaíochtaí forbartha tallainne a ailíniú le cuspóirí náisiúnta cultúir, scileanna agus fostaíochta agus ailíniú le polasaithe agus beartais don Ghaeilge agus Gaeltacht.
  • Tionchar earnála a thomhas agus tuairisciú rialta ar dhul chun cinn don Choiste Stiúrtha

 

Forbairt Scileanna & Bainistíocht Clár

  • Ceannasaíocht a thabhairt ar chur i bhfeidhm clár struchtúrtha Printíseachtaí agus Scéimeanna do Nua-Iontrálaithe, le fócas ar bhealaí gairme inbhuanaithe a chruthú.
  • Bailíochtú sábháilte agus éifeachtach de chúrsaí scileanna sna réimsí teilifíse, scannánaíochta, físeáin digiteach, idirghníomhaíochtaí CREATech agus léiriúcháin.
  • Idirchaidrimh oibre láidre a chothú le hinstitiúidí tríú leibhéal, an earnáil oideachais agus eagraíochtaí scileanna.
  • Forbairt a dhéanamh ar chlár oiliúna iarbhunoideachais, cursaí idirbhliana, scéimeanna forbartha, ócáidí agus imeachtaí gairme.

 

Tacaíocht don Earnáil Léirithe

  • Cláir a thionscnú a chuideoidh le fás agus inbhuanaitheacht comhlachtaí léirithe Gaeilge agus Gaeltachta
  • Cláir agus tacaíochtaí acmhainn-bhunaithe a dhearadh don earnáil.
  • Treoir straitéiseach a chur ar fáil ar bhuntáistí agus ar dheiseanna nua in ábhar digiteach, comhoibriú idirnáisiúnta, forbairt IP agus comhpháirtíochtaí sna meáin.

Comhpháirtíochtaí Gaeltachta, Náisiúnta & Idirnáisiúnta

  • Comhpháirtíochtaí straitéiseacha a fhorbairt le heagraíochtaí Gaeltachta, náisiúnta agus idirnáisiúnta sa chlosamhairc, sa chruthaitheacht agus sa nuálaíocht.
  • Ról gníomhach a ghlacadh i dtograí earnála lena n áirítear comhoibriú le Screen Ireland, Coimisiún na Meán, CREW, na Gteiceanna, agus líonraí idirnáisiúnta.
  • A bheith mar abhcóide don earnáil Ghaeilge agus Gaeltachta i bhfóraim náisiúnta agus idirnáisiúnta.

 

Cumarsáid, Feasacht & Forbairt Éiceachóras na Meán

  • Cur le hathmhaisniú agus le láidriú éiceachóras na meán trí fheachtais feasachta, imeachtaí poiblí agus tionscnaimh leanaí/óg.
  • An Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga oibre, chruthaitheach agus theicniúil i dtimpeallachtaí meán nua-aimseartha.
  • “One Stop Shop” faisnéise a chruthú don earnáil maidir le traenáil, scileanna, bealaí gairme agus tacaíochtaí fiontraíochta.

 

Léireoidh an té a cheapfar sa ról Ceannaireachta seo na tréithe agus na cailíochtaí ghairmiúila seo agus iad i mbun an chúraim:

  • A bheith tiomanta de Fhís, Misean agus Straitéisí Forbartha de chuid TG4 agus Údarás na Gaeltachta.
  • Ardleibhéal inniúlachta Gaeilge, idir labhairt agus scríobh.
  • Taithí shuntasach i gceannaireacht straitéiseach, i bhforbairt cláir scileanna, nó i mbainistíocht tionscadal móra earnála.
  • Tuiscint dhomhain ar earnáil na meán closamhairc, go háirithe ar an éiceachóras Gaeilge.
  • Cumas cruthaitheach agus straitéiseach i bhforbairt tallainne agus i dtionscnaimh nuálaíochta.
  • Scileanna den scoth i mbainistíocht caidrimh le páirtithe leasmhara agus i gcomhordú ilghníomhaíochtaí.
  • Taithí ar fhorbairt fiontraíochta, pleanáil straitéiseach agus tacaíocht do ghnólachtaí beaga.

 

Lonnú an Phoist
Beidh an Ceannaire fostaithe ag TG4. Beidh stiúir ar na haidhmeanna ó Choiste Stiúrtha idir TG4 agus Údarás na Gaeltachta.
Sa gCeannáras i mBaile na hAbhann a bheidh an post lonnaithe. Tá polasaí oibre solúbtha i bhfeidhm ag TG4.
 

Tuarastail
Íocfar tuarastal i gcomhréir le scála pá ar Ghrád 2 i TG4. Beidh an pointe tosaigh ar an scála seo le haontú de réir taithí agus cáilíochtaí an té a cheapfar.
 

Ginearálta
Is fostóirí comhdheiseanna é TG4. Déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó gur duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá na páirtnéirí maoinithe i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.

Éireoidh leat sa ról seo más duine tú atá ábalta oibriú go muiníneach, go solúbtha agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil.

Tabhair ar aird: Is treoir é an sainchuntas poist seo maidir le réimsí leathana freagrachta agus cuntasachta agus níor cheart breathnú air mar liostú cuimsitheach. D’fhéadfadh an sainchuntas poist a bheith faoi réir athbhreithnithe i bhfianaise struchtúir nua agus / nó athrú a bheith ag teacht ar riachtanais TG4.

Seol litir iarratais chomh maith le cáipéis (2 leathanach) ina léirítear an uaillmhian atá agat don phost mar Cheannaire – Oiliúint Ghairme sna Meáin chuig cv@tg4.ie roimh 4pm Dé hAoine an 20 Márta 2026.
 

Eolas Breise don Iarratasóir

Grád an Phoist: TG4 Grád 2

Uaireanta Oibre: 39 uair sa tseachtain. Mar gheall ar riachtanais an phoist, táthar ag súil go mbeifí solúbtha ó am go ham, lena n-áirítear a bheith sásta oibriú, nuair atá gá leis, lasmuigh d’uaireanta oifige, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc.

Laethanta Saoire: Chomh maith leis na laethanta saoire bainc reachtúla, beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.

Pinsean: Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.

Taisteal: Beidh taisteal i gceist ó am go chéile mar chuid den ról, in Éirinn agus thar lear.

Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:

  • Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
  • Saoire Staidéir agus Scrúduithe
  • Táillí Ballraíochta Gairmiúla
  • Pinsean Ranníocach
  • An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
  • An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre