Seo mórscéim nua do shaothair nua fadscannáin as Gaeilge. Is iad TG4, Bord Scannán na hÉireann (BSÉ) agus Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) a chuirfidh an maoiniú ar fáil don scéim seo faoin mbratach Cine4.

Spreagfaidh Cine4, scéalaíocht láidir, samhlaíocht fhísiúil agus luachanna arda léiriúcháin sna mórscannáin a thiocfaidh as. 

Cuirfear cistíocht forbartha suas le €25k ar fáil do chúig thogra nua gach bliain agus astu sin roghnófar péire le léiriú. Beidh buiséad suas le €1.2 milliún ag na tionscnaimh a léireofar agus sula gcraolfar ar TG4 iad, beidh na scannáin ‘tréimhse sna pictiúrlanna’, seal a mbeidh siad páirteach i bhféilte scannán agus ar taispeáint i bpictiúrlanna.

Tabharfar tosaíocht do chomhlachtaí léiriúcháin ar léir polasaí láidir a bheith acu i dtaobh an Ghaeilge a fhorbairt mar theanga oibre léiriúcháin, a bhfuil sé mar aidhm acu cothromaíocht inscne a bhaint amach i measc na foirne cruthaithí a roghnaíonn siad chomh maith le comhlachtaí atá i bhfabhar dul i mbun léiriúcháin le comhlachtaí eile sa bhaile agus thar lear.