Junior Eurovision 2026

CeolComhaimseartha

Tá JUNIOR EUROVISION ÉIRE ar ais! Tá Louise Cantillon sa tóir ar réaltaí óga ar fud na tíre. As na céadta iarratas, cé hiad an deichniúr a gheobhaidh áit sa stiúideo agus deis dul ar aghaidh i dtreo Junior Eurovision 2026?

Béarla G

Tá JUNIOR EUROVISION ÉIRE ar ais! Tá Louise Cantillon sa tóir ar réaltaí óga ar fud na tíre. As na céadta iarratas, cé hiad an deichniúr a gheobhaidh áit sa stiúideo agus deis dul ar aghaidh i dtreo Junior Eurovision 2026?

Eipeasóid 7

S10 E7 2h 21m

Tá uair na cinniúna buailte linn! Tá turas fada curtha díobh ag buaiteoir na sraithe agus tá siad réidh anois chun tabhairt faoin ardán mór ag an Junior Eurovision Song Contest i Málta! An éireoidh leo aoibhneas a chur ar an slua agus an bua a bhreith leo d'Éirinn?...

Eipeasóid 6

S10 E6 50m

Níl ach seachtain fágtha go mbeidh an Junior Eurovision ar siúl i Málta! Tá an chéad chéim i dtreo an ardáin idirnáisiúnta bainte amach ag buaiteoir na sraithe ach níl sé ina thús i ndairíre. Clár speisialta é seo ina mbeidh aistear an amhránaí óig le feiceáil agus iad ag fáil faoi réir canadh ar son na hÉireann. Beifear ag cleachtadh, ag taifeadadh, agus ag ullmhú don chomórtas mór ach an mbeidh siad réidh don oíche mhór?...

Babhta Ceannais

Eipeasóid 5 , Babhta Ceannais

S10 E5 49m

Tá Junior Eurovision Éire ar ais agus tá an babhta ceannais buailte linn! Níl fágtha ach triúir ó na céadta a chur isteach ar an gcomórtas ach cé a bheidh ag canadh ar ardán mór an Junior Eurovision i mbliana? Is faoi na moltóirí Niamh Ní Chróinín, Hugh Carr, agus laoch ón Eurovision Linda Martin,a bheidh an cinneadh sin! Beidh a fhios againn ag deireadh an chláir cé a bheidh ag canadh d'Éire ag Junior Eurovision 2026!...

Eipeasóid 4

S10 E4 50m

Tá sé in am don bhabhta leathcheannais! Ní fada anois go mbeidh a fhios againn cé a bheidh ag dul ar aghaidh chun casadh ar son na hÉireann don Junior Eurovision. Is iad Niamh Ní Chróinín, Hugh Carr agus Zena Donnelly, a chas sa Junior Eurovision i Málta deich mbliana ó shin, a bheidh i mbun moltóireachta....

Eipeasóid 3

S10 E3 50m

Tá Junior Eurovision Éire ar ais! Níl ach ochtar fágtha as na céadta a chur isteach ar an gcomórtas agus tá an iomaíocht atá ag éirí níos déine! Cé a roghnófar chun páirt a ghlacadh sa Junior Eurovision? Is faoi na moltóirí Niamh Ní Chróinín, Hugh Carr, agus Mickey Joe Harte an cinneadh sin a dhéanamh....

Eipeasóid 2

S10 E2 50m

Tá Junior Eurovision Éire ar ais! Cuirfidh na céadta amhránaithe isteach ar an gcomórtas agus roghnóidh na moltóirí deichniúr chun dul san iomaíocht. Ní bheidh fágtha ar deireadh ach amhránaí amháin chun páirt a ghlacadh sa Junior Eurovision Song Contest!...

Eipeasóid 1

S10 E1 50m

Tá JUNIOR EUROVISION ÉIRE ar ais! Tá na céadta iarratas tagtha isteach ó gach cearn den tír agus tá Louise Cantillon sa tóir ar an gcéad ghlúin eile de réaltaí óga. Ó ionaid siopadóireachta ar fud na hÉireann, tá na hamhránaithe ag cur a nguthanna agus a bpaisean os comhair an cheamara. Beidh cinntí deacra le déanamh ag ár moltóirí Niamh Ní Chróinín agus Hugh Carr, chomh maith le haoi-mholtóirí Niamh Kavanagh, Mickey Joe Harte agus Linda Martin. Cé hiad an deichniúr a rachaidh chuig an stiúideo chun tabhairt faoin gcéad chéim eile ar a mbealach chuig Junior Eurovision 2026?...