Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Folúntais

 

Eagarthóir / Léiritheoir – Molscéal

Conradh 2 Bhliain

Is mian le TG4 Eagarthóir / Léiritheoir a earcú a bheidh lonnaithe sa Cheannáras i mBaile na nAbhann i nGaeltacht na Gaillimhe. Beidh an Eagarthóir/Léiritheoir ag freagairt don Bhainisteoir Coimisiúnaithe, agus beidh an té freagrach as treoir eagarthóireachta a thabhairt i dtaobh ábhar a chruthú d’ardáin ar leith chomh maith le cúram léiritheora/bainistithe a bheith air ar thograí ar leith.

Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó más duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
 
An Ról
Sa ról seo beidh an té a cheapfar freagrach as ceannasaíocht a ghlacadh ar thograí ar leith. I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, beidh:

  • Treoir Eagarthóireachta a thabhairt maidir le hábhar a bheidh le cruthú
  • Ábhar a chruthófar a léiriú agus a eagrú
  • Ábhar a chruthú agus a fhoilsiú
  • Ábhar do shraitheanna ‘gearrfhoirme’ a fhorbairt
  • Pobal cruthaitheoirí ábhair a fhorbairt agus a chothú
  • Comhordnú a dhéanamh ar ábhar a bhíonn á sholáthar ón earnáil léiriúcháin
  • Ceannaireacht a dhéanamh ar Thograí faoi leith (m.sh. ardán, feachtais nó léiriúcháin)
  • Stíl agus struchtúir a fhorbairt d’ábhar neamhlíneach
  • Forbairt leanúnach a dhéanamh ar an úsáid is fearr ar féidir a bhaint as ardáin dhigiteacha don mbranda
  • Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.

 
Nithe atá riachtanach don phost seo:

A bheith tiomanta Fís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm.

Ardscileanna i scríobh na Gaeilge agus an Bhéarla chomh maith le cumas cóipscríbhneoireachta

Tuiscint ar an lucht féachana

Sárthuiscint ar na hardáin dhigiteacha, na meáin shóisialta agus lucht féachana na n-ardán éagsúil

Ábaltacht a bheith ag feidhmiú go muiníneach as a stuaim féin agus go héifeachtach i dtimpeallacht spreagúil.

Cur chuige dearfach, bealach maith le baill foirne agus taithí chruthaithe ar fhoireann a threorú

Beidh taithí mhaith ag an té a cheapfar ar ríomhaireacht (ardtuiscint ar Excel, MS Office agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa).

Is é 4pm Dé hAoine an 6ú Meán Fomhair an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais chuig cv@tg4.ie.
 
 


 

Comhordaitheoir Oibríochtaí

Conradh Cuspóra Sheasta

Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ar an bpost Comhordaitheoir Oibríochtaí a bheidh lonnaithe sa gCeannáras i nGaeltacht na Gaillimhe. Is chun fostaí laistigh den eagraíocht atá sannta ar shocrúchán sealadach a chlúdach an conradh seo. Ag freagairt don Bhainisteoir Oibríochtaí, beidh an Comhordaitheoir Oibríochtaí i gceannas ar shruthanna oibre agus ar uainchláir oibre agus saoirí a chomhordú.

Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
 
Ról:
Beidh an té a cheapfar freagrach as ceannasaíocht a ghlacadh ar thograí ar leith. I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, beidh:

  • Clár oibre na foirne Oibríochatí a chomhordú
  • Uainchláir oibre, saoirí agus clúdach a chomhordú
  • Úsáid áiseanna agus trealamh na foirne Oibríochtaí a chomhordú
  • Úsáid áiseanna agus seirbhísí na foirne Oibríochtaí le páirtithe laistigh agus lasmuigh de TG4 a riar
  • Cuidiú sruthanna agus áiseanna oibre inmheánacha a fhorbairt
  • Ceannaireacht a chomhordú ar thograí faoi leith na foirne oibríochtaí, de réir mar a bheidh ag teastáil
  • Seirbhís tacaíochta riaracháin a chur ar fáil don Bhainisteoir Oibríochtaí de réir mar a bheidh ag teastáil

 
Nithe atá riachtanach don phost seo:

A bheith ábalta feidhmiú go muiníneach agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil.

Fócas dearfach, cumas maith foirne agus taithí chruthaithe ar fhoireann bheag a chomhordú.

Taithí mhaith ar chúrsaí riaracháin agus ríomhaireachta (ard-tuiscint ar Excel, MS Office agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa).

A bheith ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh agus a chinntiú go mbeidh ábhar, a bheidh ar ardchaighdeán, réidh agus ar fáil in am.

Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach Gaeilge den scoth a bheith ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.

4pm Dé hAoine an 6 Meán Fómhair 2024 an spriocdháta d’iarratais. Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais chuig cv@tg4.ie.

 
 


 

Cuntasóir Airgeadais

Conradh Buan

Cuirfidh TG4 fáilte roimh iarratais ar phost an Chuntasóra Airgeadais. Beidh an té a cheapfar lonnaithe i gCeannáras TG4 i nGaeltacht na Gaillimhe.

Fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déantar iarratais incháilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil. Tá meon dearfach ag TG4 i leith na hÉagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu. Tacaíonn TG4 le daoine faoi mhíchumas a fhostú.

Is é TG4 an tseirbhís náisiúnta teilifíse Gaeilge atá lonnaithe i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. Is corparáid craolacháin phoiblí é TG4 a bhunaigh an Rialtas agus atá á maoiniú ag an Rialtas. Is é an tAire Cumarsáide a cheapann Bord TG4. Tá an cainéal ar fáil ar gach ardán teilifíse ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain ar an idirlíon. Is foilsitheoir/craoltóir é TG4 a fhaigheann formhór a chuid ábhair ón earnáil léiriúcháin neamhspleách, ábhar a bhfuil duaiseanna agus gradaim go leor buaite aige.
 

Beidh an té a cheapfar freagrach as an obair seo a leanas maille le cúraimí eile:

  • Iontrálacha a ullmhú sa leabhar cúnta agus iad a chur isteach;
  • Cuidiú le cuntas míosúil Brabúis & Caillteanais agus clár comhardaithe a ullmhú;
  • Cuidiú le rannóg airgeadais na gclár ó thaobh
  • • Athbhreithniú buiséad;
    • Iniúchadh ar chaiteachas clár;
    • Cuidiú le híocaíochtaí clár;

  • Cuidiú le buiséid a ullmhú;
  • Ráiteas imréitigh bainc a ullmhú nuair is gá;
  • Cuidiú le réamh-mheastacháin maidir le sreabhadh airgid;
  • Athbhreithniú agus tuairisciú maidir le costais foirne agus barrchostais;
  • An cháipéisíocht maidir le próisis agus leis an rialáil inmheánach a choinneáil i gcaoi mhaith agus a chinntiú go gcloítear lena bhfuil inti;
  • Próisis agus córais nua a fhorbairt agus a shruthlíniú de réir mar is gá chun a chinntiú go mbeidh an rannóg chomh héifeachtach agus is féidir;
  • Eolas faoi chostais a chur ar fáil don lucht bainistíochta agus do ranna eile de réir mar is gá;
  • Tuairiscí reachtúla agus tuairiscí inmheánacha faoi chúrsaí airgeadais a chur ar fáil go tráthúil;
  • Cuidiú le hullmhú d’iniúchóireacht inmheánach/sheachtrach;
  • Obair ar thionscadail ad hoc de réir mar a éilítear;
  • A bheith mar bhall foirne éifeachtach a spreagfaidh fuinneamh agus feabhas leanúnach sa rannóg;
  • Aon fhreagrachtaí eile arna sannadh agus arna meas ag an stiúrthóir bunaithe ar riachtanais an ghnó.

 
Nithe atá riachtanach don phost seo:

  • Ní foláir don té a cheapfar a bheith ina chuntasóir láncháilithe nó páirt-cháilithe (cáilíocht ACA/ACCA nó a comhionann);
  • Taithí ar rialachas airgeadais agus iniúchta;
  • A bheith ábalta oibriú faoi bhrú agus le dithneas i dtimpeallacht ghnóthach;
  • Ábalta oibriú go muiníneach as do stuaim féin agus go héifeachtach i dtimpeallacht spreagúil;
  • A bheith dírithe, ábalta oibriú mar chuid d’fhoireann agus taithí chruthaithe i ról den chineál céanna;
  • Taithí mhaith ar ríomhairí (sárthuiscint ar Excel, MS Office agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa);
  • A bheith pointeáilte i dtaobh mionsonraí agus a bheith loighciúil i do chuid smaointeoireachta;
  • Buntáiste a bheadh ann tuiscint a bheith agat ar nósanna imeachta soláthair phoiblí;
  • Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge líofa agat, idir scríobh agus ó bhéal.

 
Tá polasaí oibre solúbtha i bhfeidhm i TG4.
 
Is é 4pm Dé hAoine an 13 Meán Fómhair 2024 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais chuig cv@tg4.ie.
 
 


 

Maor Craolacháin

Conradh Buan

Tá TG4, an tseirbhís náisiúnta teilifíse Gaeilge, lonnaithe i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. Tá sé i gceist ag TG4 post, Maor Craolacháin, a bheidh lonnaithe sa Cheannáras i nGaeltacht na Gaillimhe, a earcú ar chonradh buan. Beidh an duine a roghnófar freagrach don Bhainisteoir Oibríochtaí.

Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
 
Beidh an té a cheapfar freagrach as a leanas:

  • Oiliúint a fháil sna bogearraí agus sa trealamh atá in úsáid agus iad a oibriú go gairmiúil mar aon le tuiscint a bheith aige nó aici ar a bhíonn le déanamh i gcásanna éigeandála.
  • Sceideal TG4 a chur go haer
  • Monatóireacht a dhéanamh ar Aschur TG4 ar fud na n-ardán
  • Maoirseacht a dhéanamh ar Thograí Aschuir (mar shampla Ardáin Virgin / Cartlann)
  • A dheimhniú go bhfuil an t-ábhar á chraoladh ar ardchaighdeán
  • Ábhar d’Aschur TG4 a ullmhú agus a sheiceáil (Spotseiceáil / Mionbhlaisíní a roghnú)
  • Maoirseacht a dhéanamh ar Aschur TG4 – (i gcás go n-imíonn muid den aer)
  • A dheimhniú go bhfuil Aschur TG4, mar atá geallta againn, ar fáil don Lucht Féachana
  • Tuairisciú a dhéanamh ar fhadhbanna de réir na dtreoracha reatha
  • Na tuairiscí laethúla a líonadh gach lá de réir na dtreoracha reatha
  • Smacht a choinneáil ar chláracha agus ar phacáistí a thagann isteach ag TG4 agus a imíonn amach as TG4 trí KU / LiveU agus sruthanna Beo thar IP a úsáid.

 
Riachtanais an phoist seo:

  • Ní mór céim sa chumarsáid nó taithí theicniúil bliana ar a laghad a bheith ag an iarrthóir.
  • Éireoidh leat sa ról seo más duine tú atá ábalta oibriú go muiníneach agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil. Beifear ag súil go mbeidh tú dírithe ar an obair, go mbeidh ardscileanna cumarsáide agat, go mbeidh súil ghrinn ar mhionsonraí agus cumas maith eagrúcháin agat, go mbeidh tú ábalta oibriú mar chuid d’fhoireann agus go mbeidh taithí chruthaithe agat i ról den chineál céanna.
  • Beidh eolas maith agat ar ríomhairí, ar na hardáin meán sóisialta agus beidh an cumas ionat córais nua a fhoghlaim go tapa. Cuirfear oiliúint ar fáil ar chórais TG4.
  • Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach Gaeilge líofa a bheith ag an té a cheapfar, idir scríobh agus labhairt na teanga.

 
4pm Dé hAoine an 4ú Deireadh Fómhair 2024 an spriocdháta d’iarratais. Seol do CV mar aon le litir iarratais chuig cv@tg4.ie.

 
 


 

Oifigeach Rialachais Chorparáidigh

Conradh Buan
EUR 57,464 – EUR 76,468

Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ar an bpost, Oifigeach Rialachais Chorparáidigh.
 
Is mian le TG4 Oifigeach Rialachais Chorparáidigh a earcú a bheidh lonnaithe sa Cheannáras i mBaile na hAbhann i nGaeltacht na Gaillimhe. Freagróidh an tOifigeach Rialachais Chorparáidigh don Stiúrthóir Airgeadais agus Riaracháin.
 
Fostóir comhionannais deiseanna é TG4 agus déantar iarratais cháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil. Tá meon dearfach ag TG4 i ndáil le hÉagsúlacht. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu.
 

An Ról
Sa ról seo, beidh tú freagrach as seirbhísí rialachais éagsúla a chur ar fáil do TG4, agus beidh tú freagrach as a chinntiú go gcomhlíontar ceanglais rialachais agus polasaithe inmheánacha gaolmhara na cuideachta. Cuirfidh an ról seo an Feidhm Rialachais ar fáil chun tacú leis an mbainistíocht, leis an mBord agus leis na Coistí, chun tuairisciú inmheánach a éascú, agus chun comhairle leanúnach rialachais a chur ar fáil do TG4. Déanfaidh tú próisis nua maidir le rialachas corparáideach dea-chleachtais a sholáthar do TG4 a chruthú, a chur i bhfeidhm agus a mheas.
 

I measc na bpríomhfhreagrachtaí don ról seo tá, ach gan a bheith teoranta dóibh;

  • An Clár Riosca a bhainistiú
  • Cáipéisí a chomhordú don Ráiteas Bliantúil ar Ghealltanais Feidhmíochta TG4 mar aon le hAthbhreithniú Bliantúil a dhéanamh orthu
  • Freastal ar chruinnithe leis an Roinn ó thaobh aon cheisteanna a bhaineann le rialachas corparáideach
  • Monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an Chóid Cleachtais do Chomhlachtaí Stáit (agus aon Chóid ábhartha eile) agus socrú a dhéanamh chun na ráitis bhliantúla ar chomhlíonadh a thabhairt chun críche
  • Tacú leis an bhfoireann Ardbhainistíochta agus leis an mBord cúrsaí comhlíontachta a chinntiú i ndáil le haon cheanglais chomhlíontachta rialachais (e.g. tuairisceáin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí etc.)
  • Cabhrú le rúnaí na cuideachta a chinntiú go gcloítear le riachtanais rúnaíochta na cuideachta
  • Cabhrú le cruinnithe Boird agus Coiste laistigh den fhoireann a chomhordú, a sceidealú agus freastal orthu, lena n-áirítear cláir oibre agus miontuairiscí a dhréachtú
  • A chinntiú go bhfuil Cód Iompair an Bhoird cothrom le dáta
  • Meamraim, tograí agus doiciméid a ullmhú lena n-athbhreithniú agus lena mbreithniú ag an mBord/Coiste
  • Taifid chorparáideacha agus doiciméid chorparáideacha a bhainistiú agus a choinneáil
  • Tuairisciú tréimhsiúil don lucht bainistíochta sinsearaí a chomhordú agus a athbhreithniú
  • Comhairle a thabhairt maidir le cúrsaí rialachais chorparáidigh agus dea-chleachtas, agus comhairle a thabhairt chomh maith maidir le nuashonruithe ar aon athruithe ar rialacháin agus ar reachtaíocht
  • Oiliúint agus forbairt leanúnach a chur ar fáil do bhainistíocht agus do bhaill foirne TG4 maidir le rialachas corparáideach
  • Cúnamh a thabhairt don iniúchóir leis an iniúchadh bliantúil
  • Tionscadail ad hoc de réir mar a thiocfaidh siad chun cinn agus nuair a thiocfaidh siad chun cinn.

 

A bhfuil riachtanach don phost seo:

  • Cáilíocht Cuntasaíochta Cairte (ACA, ACCA), Dlí, Rialachais, nó a chomhionann
  • Taithí roimhe seo ar phróisis rialachais agus bainistithe riosca/comhlíontachta a chur chun feidhme agus a mhaoirsiú
  • Bheadh eolas maith ar chaighdeáin agus nósanna imeachta rialachais na hearnála poiblí inmhianaithe
  • Cumas cruthaithe cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le páirtithe leasmhara ar gach leibhéal, go hinmheánach agus go seachtrach araon, agus caidreamh a choinneáil leo
  • Duine treallúsach atá ábalta féinbhainistiú a dhéanamh, oibríonn tú laistigh de spriocdhátaí dochta agus oibríonn tú thar barr faoi bhrú i dtimpeallacht ghnóthach
  • Beidh taithí mhaith agat ar ríomhaireacht (ardtuiscint ar Excel, MS Office agus tá tú ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa)
  • Beidh tú dírithe ar mhionsonraí agus léireoidh tú go bhfuil próisis chinnteoireachta loighciúla agat
  • Scileanna láidre pleanála agus eagrúcháin.

 
Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.
 
Tá polasaí oibre solúbtha i bhfeidhm i TG4.
 
Seol CV mar aon le litir iarratais ina leagtar amach an fhís a bheadh agat chuig cv@tg4.ie.